Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Éire ar an dara tír ar domhan chun géarchéim aeráide a fhógairt

Is í Éire an dara tír ar domhan a bhfuil géarchéim aeráide agus bithéagsúlachta fógartha aici.

Fianna Fáil a chuir an fógra chun cinn mar leasú ar thuarascáil de chuid an an Oireachtais maidir le conas dul i ngleic leis an athrú aeráide. Ghlac an Rialtas agus páirtithe an fhreasúra araon leis an leasú. Aontaíodh chomh maith go gcuirfí moltaí phlean gnímh an Oireachtais i dtaobh na haeráide i bhfeidhm.

Ar dhuine de na daoine ba thúisce a chuir fáilte roimh an bhfógra, bhí Greta Thunberg an feachtasóir 16 bliain d’aois a bhfuil cáil uirthi ar fud an domhain mar gheall ar an ngluaiseacht a bhunaigh sí i measc na n-óg chun tabhairt ar cheannairí gníomh a dhéanamh ar son na timpeallachta.

Great news from Ireland!! Who is next?


And remember: #ClimateEmergency means leaving fossil fuels in the ground. #ClimateBreakdown #EcologicalBreakdown https://t.co/GTkyhg7Sam

— Greta Thunberg (@GretaThunberg) 9 Bealtaine 2019

Ba í an Ríocht Aontaithe an chéad tír ar domhan a d’fhógair géarchéim aeráide.

Chuir an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton, fáilte roimh an bhfógra agus dúirt sé gur fíor gurb é an t-athrú aeráide “an dúshlán is mó roimh an gcinneadh daonna”.

Cuireadh fáilte go forleathan roimh an bhfógra ach dúradh chomh maith go raibh sé tábhachtach go ndéanfaí beart de réir briathair anois.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta