Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Daltaí na hÉireann chomh ‘neamhliteartha’ sa Ghaeilge is atá siad sa teagasc Críostaí

| , ,

Caitear an “lear mór ama céanna” ag múineadh reiligiúin agus Gaeilge sna bunscoileanna agus tá muintir na tíre chomh “neamhliteartha” céanna sa dá ábhar.

Sin a bhí le rá ag an stiúrthóir ar an Iona Institute agus an tráchtaire David Quinn agus é ag caint faoi shuirbhé nua a léiríonn go dteastaíonn ó scoileanna gur tuismitheoirí agus pobal an pharóiste a d’ullmhódh páistí do na sacraimintí.

Dúirt Quinn ar RTÉ Raidió 1 gur léir go raibh an iomarca scoileanna Caitliceacha sa tír seo, thart ar 90% de na scoileanna nuair is thart ar 60% an céatadán ba ghaire mar scáthán ar phobal na hÉireann faoi láthair.

Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath a reáchtáil an suirbhé.

Sa bhfómhar seo caite a cuireadh Grúpa Athbhreithnithe ar bun, ar mholadh ó Chomhairle na Sagart, ionas go bhféadfaí pleanáil do thodhchaí na heaglaise san ard-deoise. 

D’éist an grúpa seo le tuairimí an phobail, sagairt, oibrithe tréadacha agus múinteoirí reiligiúin san áireamh.  I gcás shacraimintí na Chéad Chomaoineach agus an Chóineartaithe, iarradh moltaí ar mhúinteoirí agus príomhoidí i scoileanna na hArd-Deoise. Tháinig 1,800 freagra ar shuirbhé ar líne a d’eagraigh an Ard-Deoise agus ar iarr an tArd-Easpag Diarmuid Martin ar an bpobal é a fhreagairt.

Ní raibh aon cheist sa suirbhé seo ar mhúineadh reiligiúin mar ábhar staidéir san scoileanna, is ullmhú do shacraimintí a bhí á fhiosrú.

Tá ráite ag an Ard-Deoise anois go n-úsáidfear an t-eolas a bailíodh sa suirbhé sin chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí agus iad ag pleanáil don todhchaí.

I ráiteas faoin suirbhé ar shuíomh na hArd-Deoise, deirtear gur in Éirinn amháin a dhéantar an t-ullmhúchán do na sacraimintí sa scoil agus gur léirigh an pobal ar fad a d’fhreagair an suirbhé an-mhíshásamh le cúrsaí mar atá.

Deirtear go raibh gach duine a rinne an suirbhé ar aon intinn gur le tuismitheoirí an creideamh a roinnt lena bpáistí agus go gcaithfí an dualgas sin a chur ar ais ar thuismitheoirí agus ar phobal an pharóiste.

Ba é dearcadh na scoileanna go raibh siadsan fós ag obair ‘i bhfolús’ agus go raibh sé thar am ag an teaghlach agus ag an bparóiste a gcion féin a dhéanamh.

Measann an Ard-Deoise gurb é an dúshlán atá roimh an eaglais anois teacht ar bhealach le déileáil le tuismitheoirí – iad siúd a fhreastalaíonn ar sheirbhísí eaglaise, iadsan nach bhfreastalaíonn ach a chreideann ina teagasc, agus iad siúd a bhreathnaíonn ar shearmanais na sacraimintí mar ócáidí suntasacha sóisialta i saol an teaghlaigh nach bhfuil aon ghné reiligiúin ag baint leo.

Beidh plé ar siúl sna paróistí sna seachtainí seo amach romhainn chun an chéad chéim eile a phleanáil agus beidh deis ag an ngrúpa bualadh le daoine a ghlac páirt sa suirbhé.

30 nóiméad sa lá atá curtha ar leataobh do theagasc an chreidimh sna bunscoileanna Caitliceacha, cé go n-admhaíonn a lán múinteoirí go gcaitear i bhfad níos mó ama air roimh na searmanais. 

I scoileanna Educate Together is iad na tuismitheoirí a eagraíonn ranganna ina rogha féin reiligiúin dá bpáistí lasmuigh d’uaireanta scoile.

Mhaígh an tAthair Iggy O’Donovan ar an gclár céanna go raibh sé thar am an fhreagracht a chur ar thuismitheoirí agus ar phobal an pharóiste a bpáistí a ullmhú do na sacraimintí seachas ar mhúinteoirí bunscoile, cuid acu a dúirt leis nár chreid siad féin sa reiligiún sin in aon chor ach go raibh orthu an t-ábhar a mhúineadh sa scoil.

Mhaígh O’Donovan gur léirigh an scéal san Iodáil agus i Meiriceá gur fearr go mór a d’éirigh le cúrsaí reiligiúin sa bpobal nuair a bhí an t-ullmhúchán do na sacraimintí leagtha ar thuismitheoirí agus ar an bparóiste seachas ar na scoileanna.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta