Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Breis agus 300 duine a ghlac páirt sa chéad siúlóid ‘I dTreo an tSolais’ i nGaoth Dobhair

| , , ,

Ghlac na mílte duine páirt i siúlóidí ‘Darkness into Light’ ag an deireadh seachtaine.

Siúlóidí iad seo a eagraítear roimh éirí na gréine ar mhaithe le ‘Pieta House’ chun feasacht a ardú faoi na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil do dhaoine atá ag déanamh dochar dóibh féin nó atá ag smaoineamh ar an fhéinmharú.

Ba in Éirinn a thosaigh an coincheap agus i mbliana shiúil breis agus 200,000 duine sna hócáidí éagsúla ar fud an domhain.

Chinn Éamonn (Bobo) Mac Aoidh, de bhunadh Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill, ‘Darkness into Light’ a thabhairt go Gaoth Dobhair i mbliana don chéad uair i ndiaidh gur chuir a chol ceathrair lámh ina bhás féin anuraidh.

300 duine a shiúil ón dorchadas i dtreo an tsolais i nGaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine agus shiúil muid leo…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta