Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

A chéad EP eisithe ag Séamus Barra Ó Súilleabháin

| , ,

Tá EP nua díreach eisithe ag an bhfile Séamus Barra Ó Súilleabháin, EP ar a bhfuil sé rian de dhánta agus d’amhráin nuachumtha.

Tá cáil nach beag ar Shéamus Barra le cúpla bliain anuas agus é ar dhuine de mhórfhilí na glúine nua filíochta i saol na Gaeilge. Glacann sé páirt rialta san oíche filíochta REIC a bhíonn ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann, agus dúirt sé dán dá chuid d’Uachtarán na hÉireann ag comóradh 20 bliain TG4 ag ócáid speisialta i nGaillimh dhá bhliain ó shin.

Chuir Séamus Barra a chéad chnuasach filíochta i scríbhinn amach le Cló Iar-Chonnacht cúpla bliain ó shin — Beatha Dhónaill Dhuibh — ach seo an chéad uair don fhile óg cnuasach fuaime a chur amach.

Is féidir éisteacht leis na rianta ar an suíomh Bandcamp.com agus an t-albam iomlán a íoslódáil ar €5 ón suíomh céanna.

Is é Séamus Barra a scríobh na sé rian agus ba é Eóghan Harris a léirigh an EP.

Ón mBarr Aníos by Séamus Barra Ó Súilleabháin

Níos mó
NÓS | NÓS

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta