Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Scrúdú á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar mholadh go n-úsáidfí ‘lárchanúint’ amháin

| , ,

Tá machnamh a dhéanamh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar mholadh a chuirfeadh deireadh le húsáid na gcanúintí ar an tseirbhís raidió Ghaeilge.

Moltar i bplécháipéis inmheánach de chuid an chraoltóra, I dTreo na Lárchanúna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur chóir “deireadh a chur de réir a chéile agus ar bhealach chomh daonnachtúil agus is féidir” le bheith ag craoladh i gcanúint Chonnacht, i gcanúint na Mumhan agus i gcanúint Uladh.

Moltar go ndéanfaí sin ar mhaithe le “lárchanúint” a thabhairt isteach “diaidh ar ndiaidh”  agus mar “gníomh éacúiméineach a thabharfadh aitheantas d’athruithe déimeagrafacha, tíreolaíochta agus nósmhaireachta i measc daoine a labhraíonn trí mheán na Gaeilge”.

De réir na cáipéise, leanfaí de bheith ag craoladh nuacht an iarthair, nuacht an tuaiscirt agus nuacht an deiscirt, chomh maith leis na hirischláir réigiúnacha, ach is sa “lárchanúint” nua a bheidís go léir á gcur i láthair faoin mbliain 2030.

Is cinnte go mbainfeadh conspóid mhór le haon iarracht deireadh a chur le húsáid canúintí traidisiúnta na Gaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt Ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, go mbíonn “scrúdú á dhéanamh go minic” ag Raidió na Gaeltachta ar “mholtaí éagsúla” maidir le feabhas a chur ar an tseirbhís.

“Níl tada eile le rá a’inne, a mhac,” arsa Mac Donncha le Tuairisc.ie.

Tuigtear go bpléifear I dTreo na Lárchanúna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag cruinniú speisialta i gCasla inniu, an 1 Aibreán.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta