Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oscailt Áras Uí Chonghaile

| , , ,

Bhí ceiliúradh mór ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste Aoine an Chéasta le hoscailt Áras Uí Chonghaile a chomóradh.

Ionad cuairteoirí é an tÁras atá ainmnithe i ndiaidh duine de na daoine is cáiliúla ó ghluaiseacht neamhspleáchais agus shóisialach na hÉireann.

San ionad féin, tá iarsmalann ina bhfuil ábhar faoi shaol agus obair an Chonghailigh, leabharlann le leabhair faoin ghníomhaí agus a scríobh sé féin, mar aon le caifé agus go leor spáis le do scíth a ligean.

Shiúil daoine ó Mhuileann Mhic Con Midhe go dtí an tÁras nua agus ba é Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, a d’oscail go hoifigiúil é. Bhí an t-amhránaí Frances Black, polaiteoirí agus ionadaithe pobail ina measc sin a bhí ag an ócáid chomh maith.

Bhí Meon Eile i lathair agus labhair muid le Katy Rose Mead a ghlac páirt sa mórshiúl, an gníomhaí agus bainisteoir Raidió Fáilte Fergus Ó hÍr agus bainisteoir an árais nua, Séanna Walsh.

Le níos mó eolais a fháil, nó le ticéad a chur in áirithe, tabhair cuairt ar an suíomh: https://arasuichonghaile.com

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta