Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oíche Cheiliúrtha na Gaelscolaíochta

| , , ,

Rinneadh ceiliúradh spleodrach ar scoileanna Gaeilge Bhéal Feirste ar na mallaibh ag ar bronnaíodh dearbháin de luach £100 ar gach scoil mar aitheantas ar an dea-obair atá déanta acu leis an teanga dhúchais a fhorbairt sa chathair.

Chruinnigh muintir na Gaelscoilteacha – príomhoidí, múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí – ag an ocáid stairiúil i Halla na Cathrach agus bhí an foirgneamh féin lasta le soilsí glasa in ómós na hócáide.

Ó bunaíodh an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge ó thuaidh, Bunscoil Phobal Feirste, in 1970, tá méadú suntasach tagtha ar líon na scoileanna agus na ndaltaí atá ag baint tairbhe as an Ghaeloideachas ann agus atá ag caitheamh a saol trí mhéan na Gaeilge.

Tá tionchar an dul chun cinn sin le feiceáil fosta sa bheocht atá in imeachtaí pobail agus sa saol sóisialta Gaelach atá ag bogadh chun tosaigh i gcónaí ó thuaidh.

Faoi láthair tá os cionn 6,000 dalta sa chóras Gaeloideachais sa tuaisceart agus tá suas le 400 duine fostaithe san earnáil, líon a rachaidh in airde sna blianta amach romhainn.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta