Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Ní ghéillfimid faoi maidir le hAcht Gaeilge agus ní ceist fhánach í’ – Mary Lou McDonald

| , ,

Tá sé ráite ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nach bhfuil a páirtí sásta “géilleadh” maidir le ceist chonspóideach an Achta Gaeilge don Tuaisceart.

Dúirt McDonald gur tháinig Sinn Féin agus an DUP ar shocrú mí Feabhra seo caite faoin acht ‘uileghabhálach’, ach gur theip ar an DUP comhaontú a fháil faoin socrú.

Dhiúltaigh sí don mhaíomh gur rud “fánach” a bhí san éileamh ar Acht Teanga tar éis mharú Lyra McKee agus daoine ag impí go gcuirfí tús arís le cainteanna ionas go bhféadfaí teacht ar réiteach ar an tsáinn pholaitiúil sa Tuaisceart.

Agus í ag caint le Miriam O’Callaghan ar RTÉ ar an gclár Today with Miriam, d’iarr ceannaire Shinn Féin ar rialtais na hÉireann agus na Breataine “seasamh sa bhearna go práinneach” agus “na freagraí a leagan amach”.

Dhiúltaigh sí do mholadh ón DUP go reáchtálfaí cainteanna ar na ceisteanna conspóideacha astu féin, sula nglacfaí leis go dtabharfaí faoi roinnt na cumhachta an athuair.

Dúirt McDonald nach raibh ach bealach amháin le rialtas inbhuanaithe a chur ar fáil i dTuaisceart Éireann agus b’in “an comhionannas a bheith de dhlúth is d’inneach” an rialachais agus pósadh comhghnéis agus cearta Gaeilge a bheith ar fáil do chách.

Dúirt Ceannaire Shinn Féin nach lena páirtí féin amháin a bhaineann ceisteanna comhionannais mar gur ceisteanna iad a bhí tábhachtach don phobal ar fad.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster Morning Ireland ar RTÉ go raibh sé tábhachtach go gcuirfí Tionól Stormont ar bun arís agus ag an am céanna go gcuirfí  próiseas ar bun chun déileáil “leis na ceisteanna a theastaíonn ó Shinn Féin a phlé maidir le cúrsaí eile”.

Dúirt Foster gur bealach stuama a bheadh ina moladh féin le teacht ar fhuascailt ar an tsáinn pholaitiúil. 

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta