Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Merci beaucoup – ráiteas Emmanuel Macron curtha ar fáil i nGaeilge i ndiaidh fiosrú

| , ,

Tá leagan Gaeilge curtha ar fáil de ráiteas mór Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron faoi thodhchaí na hEorpa, ráiteas a raibh fáil air i ngach teanga oifigiúil de chuid na hEorpa seachas an Ghaeilge go dtí seo.

Ambasáid na Fraince in Éirinn a chuir in iúl inné go raibh an ráiteas aistrithe anois go Gaeilge agus an leagan nua sin ar fáil ar shuíomh na hambasáide.

Dúirt an té a d’fhiosraigh scéal an easpa leagan Gaeilge den ráiteas, Seán Mag Leannáin, gur údar sásaimh dó gur cuireadh leagan Gaeilge ar fáil.

Dúirt an t-iar-státseirbhíseach agus Gaeilgeoir a labhraíonn amach faoi chás na teanga sa státchóras, go raibh moladh déanta aige leis an Ambasáid go bhfoilseofaí anois an leagan Gaeilge ar shuíomh Rialtas na Fraince Gouvernement.fr, mar a bhfuil an ráiteas ar fáil i 22 teanga oifigiúil eile an Aontais.

“Ceapaim go bhfuil jab maith déanta ag an aistritheoir.  Más mall is mithid agus ár dTaoiseach féin ag casadh leis an uachtarán Macron i bPáras inné. 

“Mhol mé an leagan Gaeilge seo a fhoilsiú chomh maith ar shuíomh gréasáin an Elysée. Ba cheart go mbeadh sé le fáil ansin taobh leis na 22 teangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais,” a dúirt Seán Mag Leannáin.  

In ainneoin gur maíodh ag an am go raibh an ráiteas á fhoilsiú i dteangacha oifigiúla an AE go léir, dheimhnigh Ambasáid na Fraince in Éirinn le déanaí gur fágadh an Ghaeilge ar lár.

Nuair a foilsíodh an ráiteas i 28 nuachtán i dtús na míosa seo, mhaígh urlabhraí de chuid Macron gurbh í sin an chéad uair gur “labhair ceannaire stáit le muintir uile na hEorpa ina dteangacha féin”.

Ach nuair a d’fhiosraigh Mag Leannáin an scéal le hAmbasáid na Fraince, fuair sé amach nárbh amhlaidh an scéal agus nár cuireadh ráiteas Macron ar fáil ach i 22 teanga den 23 teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

“Unfortunately President Macron’s tribune has not been translated into Gaelic. You will however find an English version on our website,” a dúradh sa bhfreagra a thug Ambasáid na Fraince ar Sheán Mag Leannáin.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta