Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Grúpa tacaíochta do dhaltaí LADT bunaithe i gColáiste Feirste

| , , ,

Beagnach bliain ó shin bunaíodh an ‘Cumann Gaylach’, mar a thug na daltaí féin air, i gColáiste Feirste in iarthar Bhéal Feirste.

Ba í an múinteoir Gaeilge Brenda Uí Chléirigh a tháinig aníos leis an choincheap mar bhealach le tacaíocht a chur ar fáil do dhaltaí a bhí ag déileáil le ceisteanna inscne agus gnéaschlaonta…

Tágann na daltaí le chéile go rialta chun tacaíocht a thabhairt dá chéile agus múinín a chruthu iontu féin.

Téann an ‘Grúpa Gaylach’ ar mhórshiúlta ar son cearta LADT anseo i dTuaisceart na hÉireann. 

D’oibrigh Coláiste Feirste agus Glór na Móna i gcomhphairtíocht le ‘Cara-Friend’, eagraíocht carthanachta a tacaíonn leis an phobal LADT ,  chun póstaeir s’acu a aistriú go Gaeilge.

Tá sé mar sprioc acu na póstaeir agus bileogaí a scaipeadh timpeall na meánscoileanna uilig chun cur le feasacht an ábhair i measc an aosa óig. 

Eagraíodh imeachtaí feasachta do dhaltaí scoile ar na mallaibh chomh maith, ag ar pléadh an t-iompar homafóbach agus cuireadh fáilte roimh údar trasgnéasach Juno Dawson chun ceardlann a dhéanamh leo. 

Tuilleadh eolais: https://cara-friend.org.uk 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta