Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Féile ANAM 2019

|

Bhí an fhéile ‘ANAM’ ar siúl ar na mallaibh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Seo an dara bliain den fhéile a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona, smaointe agus cruthaitheacht. 

Á léiriú ag foireann ‘South Wind Blows’ bhí réimse leathan imeachtaí ar bun ar thrí champas na hollscoile.

Tá ceathrú úr chultúrtha á cruthú i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath agus mar chuid de straitéis na hollscoile tá Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag cur leis an cheathrú sin trí nithe ar nós ANAM a reáchtáil.

Ní ar phobal na hollscoile amháin atá siad dírithe ach ar an mhórphobal sa cheantar. 

Ó thaispeántais ghrianghrafadóireachta agus painéil chainte go ceolchoirmeacha snagcheoil agus podchraoltaí, dhá lá gnóthacha a bhí in ANAM 2019.

Bhí Meon Eile i láthair ag cuid d’imeachtaí na féile agus seo daoibh blaiseadh den mhéid a thit amach…

Ár mbuíochas le OCBÁC as cuid den ábhar taifeadta a thabhairt dúinn.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta