Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Extinction Rebellion’ i mBéal Feirste

| , , ,

Gluaiseacht nua ar son na timpeallacht é ‘Extinction Rebellion’ (‘Éirí Amach an Díobhaidh’) atá ag dul ó neart go neart agus ag leathnú timpeall an domhain go gasta le roinnt míonna anuas.

Eagraíonn an grúpa agóidí neamhfhoréigneacha sna mórchathracha agus anois tá siad ag cur tús leis an fheachtasaíocht i mBéal Feirste agus Baile Átha Cliath. 

Tá trí phríomhéileamh ag XR, mar a scríobhtar é in amanna, is iad sin: 1) go n-inseoidh na rialtais an fhírinne faoi staid an chomhshaoil, 2) go gcuirfidh siad reachtaíocht cheangailteach i bhfeidhm a chinntóidh go mbeidh sochaí againn atá neodrach ó thaobh carbóin de faoin 2025, agus 3) go mbunófar tionól saoránach leis na cinntithe seo a dhéanamh.

Go dtí seo gabhadh os cionn 1,000 duine i Londain mar gheall ar agóidí an éirí amach ghlais seo agus níl aon chuma ar an scéal go dtiocfaidh laghdú aon am go luath ar an bhorradh atá faoin ghluaiseacht ar fud na cruinne.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta