Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Dochtúireacht oinigh le bronnadh ar Mhíchéal Ó Muircheartaigh ag DCU

| , ,

Bronnfaidh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath dochtúireacht oinigh amárach ar Mhíchéal Ó Muircheartaigh, an craoltóir Gaeltachta atá sa Táin mar gheall ar a chuid tráchtaireachta ar chluichí CLG le linn na mblianta fada a chaith sé ag obair do RTÉ.

Bronnfar an gradam Dochtúir le Fealsúnacht (Honoris Causa) ar Ó Muircheartaigh agus ar Joe Schmidt, Príomhchóitseálaí fhoireann rugbaí na hÉireann.

As Dún Síon laistoir den Daingean i gCorca Dhuibhne, thug Ó Muircheartaigh os cionn 60 bliain ag tráchtaireacht ar chluichí CLG ar RTÉ. D’éirigh sé as in 2010 ach bíonn sé fós le cloisteáil ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Luan i rith an tsamhraidh agus na cluichí móra á bplé aige.

Ag 4pm in amharclann an Helix ar champas DCU i nGlas Naíon a chuirfear tús amárach leis an searmanas bronnta.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta