Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bliain taithí oibre á tairiscint ag TG4 do cheathrar

| , ,

Tá iarratais á lorg TG4 ó chéimithe, agus ó dhaoine nach bhfuil aon taithí acu ar ghairm na teilifíse, ar scéim taithí oibre an stáisiúin. Beidh deis ag na daoine a bhuafaidh áit ar an scéim bliain a chaitheamh ag obair leis an stáisiún Gaeilge le breis taithí phraiticiúil a fháil in earnáil na teilifíse.  

Tá spás do cheathrar ar an scéim, triúr a bheidh ag obair leis na meáin shóisialta, agus duine amháin a bheidh ag obair le bogearraí agus suíomh idirlín an stáisiúin. 

Ní mór don triúr a bheidh ag plé leis na meáin shóisialta suim mhór a bheith acu ní hamháin sna hardáin éagsúla atá fadbhunaithe, leithéidí Instagram agus Twitter, ach sna hardáin nua atá ag teacht chun cinn freisin. Cainteoirí maithe Gaeilge a bhfuil cumas ard scríbhneoireachta acu a bheidh iontu, agus beidh tuiscint acu ar “céard is scéal mealltach ann”. Gealltar “taithí chuimsitheach” i réimse an léiriúcháin reatha agus ar obair fhoilsitheoireachta ar na hardáin dhigiteacha. 

Tograí teicneolaíochta, aipeanna agus cláir idirlín TG4 is mó a bheidh ar a aird ag an té a cheapfar i ról an fhorbróra bogearraí. Deir TG4 go bhfuil an ról seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil “scileanna bogearraí códála, meán idirghníomhach agus néalríomhaireachta” acu chomh maith le forbairt API. Úsáideann TG4 Brightcove, WordPress, Amazon WebServicess,Cloudinary agus gheobhaidh an té a bhuafaidh an taithí oibre oiliúint agus tuiscint ar na seirbhísí sin. 

Íocfar tuarastal leis an gceathrar a bhainfidh áit amach ar an scéim taithí oibre. Ní mór iarratas, mar aon le cuntas beatha, a sheoladh go cv@tg4.ie roimh Dé hAoine 26 Aibreán. 

Níos mó
NÓS | NÓS

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta