Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ardeaglais Notre Dame i bPáras trí thine

Tá Notre Dame, an ardeaglais ársa i lár Pháras na Fraince, trí thine tráthnóna.

Tá na seirbhísí dóiteáin ar an láthair ag iarraidh an tine a chur faoi smacht, tine, a deir póilíní na cathrach, a thosaigh trí thimpiste le linn obair athchóirithe a bheith ar siúl ar an eaglais.

Tá an ardeaglais mheánaoiseach Ghotach ar bhruach an Seine ar cheann de na radharcanna is sainiúla agus is diamhaire i bpríomhchathair na Fraince agus í ar cheann de na láithreacha turasóireachta is mó san Eoraip.

Chonacthas deatach agus lasracha ag éirí san aer le taobh na gclogtheach san ardeaglais tráthnóna.

Chuir an eaglais Chailiceach tús anuraidh le feachtas bailithe airgid chun an ardeagalais, a bhí ag tabhairt uaithi, a tharrtháil.

«Incendie majeur» à #NotreDame.


(vidéo by @ecoursin) pic.twitter.com/nKI0JoyzGJ

— Bob le Centriste (@BobLeCentriste) 15 Aibreán 2019

Dúirt Méara Pháras Anne Hidalgo, gur “tine uafásach” a bhí ann agus d’iarr sí ar dhaoine aird a thabhairt ar an limistéar slándála a bhí curtha i bhfeidhm ag na húdaráis.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta