Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Alcól saor in aisce’ fógartha trí dhearmad de bharr botún aistriúcháin

| , ,

D’fhág botún aistriúcháin den chineál a bhfuil seantaithí ag Gaeil orthu, gur crochadh comhartha  in ollmhargadh sa Bhreatain Bheag ag fógairt go raibh deoch saor in aisce le fáil.

Tá scéal na beorach saor in aisce á scaipeadh go mear ar líne ó thug cainteoir Breatnaise, Guto Aaron,  an botún faoi deara sa chomhartha in ollmhargadh de chuid Asda in Cwmbrân.

blockquote class=”twitter-tweet” data-lang=”ga”>

Ewch i @asda pawb, alcohol am ddim! (Os allw chi hyd yn oed gweld y Gymraeg yn y ffont tywyll na!

Get yourself to Asda, according to their dodgy Welsh translations they are giving away free alcohol! (If you can read the Welsh in that dark font that is) pic.twitter.com/sZAQhrNycE

— GutoA (@cwlcymro) 16 Aibreán 2019

Is amhlaidh gur aistríodh ‘alcohol free’ go ‘alcohol am ddim’ a chiallaíonn alcól saor in aisce. ‘Di-alcohol’ an Bhreatnais ar dheoch saor ó alcól.

Ghabh urlabhraí thar ceann Asda a leithscéal faoin mbotún aistriúcháin mí-ámharach.

“Mae’n ddrwg gennym [tá brón orainn] Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár gcustaiméirí géarshúileacha a thug an botún faoi deara. Lámha suas, bhíomar mícheart agus beidh na comharthaí inár siopa in Cwmbrân á n-athrú againn ar an bpointe.”

Dheimhnigh an t-urlabhraí nach mbeadh aon bhraon alcóil le fáil saor in aisce uathu an Cháisc seo.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta