Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cúntóir Taighde

|

Labhair muid le Stiofán Ó Briain le déanaí faoin taithí atá aige a bheith ag obair leis an nGaeilge agus faoi na bealaí a bhí mar mhúnla dó ag tosú amach ina shaol gairmiúil.

Cad is ainm duit?

Stiofán Ó Briain

Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

Taighde agus Oideachas

Cad a bhí mar spreagadh agat dul ag obair leis an nGaeilge?

Is dócha go raibh tionchar ag roinnt rudaí orm: grá don teanga í fhéin agus suim phearsanta i gcúrsaí oideachais agus taighde trí mheán na Gaeilge. Bhí a fhios agam go mbeinn ag iarraidh a bheith ag labhairt na Gaeilge go laethúil tar éis na hollscoile agus a bheith páirteach sa phobal Gaelach i gcathair Bhaile Átha Cliath. Mar sin céim stuama a bhí inti dul sa tóir ar phost leis an nGaeilge.

Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

Níor fhreastail mé ar bhunscoil nó ar mheánscoil lán-Ghaeilge. I ndiaidh mo chuid scolaíochta d’fhreastail mé ar UCD agus bhain mé bunchéim sna healaíona amach sa Bhéarla agus sa Nua-Ghaeilge, agus máistreacht sa Nua-Ghaeilge ina diaidh. Bhí dlúthbhaint ag an nGaeilge le m’oideachas ollscoile, agus le m’oideachas trí chéile d’fhéadfá a rá.

Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

An fhoireann a n-oibrím leo agus an dúshlán a bhaineann le cúrsaí teanga na Gaeilge a shimpliú síos len iad a mhíniú do ghlantosaitheoirí na teanga.

An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

Bíonn. Is í an Ghaeilge an phríomhtheanga cumarsáide idir mise agus mo chairde agus mo chéile. Freastalaím ar imeachtaí éagsúla ar nós na Pop Uipe, Féile na Gealaí agus óicheanta amach i gClub Chonradh na Gaeilge le Gaeilge a labhairt le daoine eile. Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, níl deiseanna agam an Ghaeilge a labhairt.

Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

Cúrsaí teanga agus cultúrtha ar líne do ghlantosaitheoirí a chruthú i gcomhpháirt leis an bhfoireann. Profáil a dhéanamh. Taighde oideachasúil a dhéanamh ar rathúlacht na gcúrsaí agus eispéiris na mac léinn ar na cúrsaí.
Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

Cuir feabhas ar do scileanna gramadaí agus scríofa. Bíonn poist ar fáil ag déanamh eagarthóireachta agus ag aistriú, tá scileanna mar sin an-chabhrach. Déan cinnte go bhfuil do CV aistrithe go Gaeilge agat. Labhair le daoine a oibríonn in earnáil na Gaeilge, agus iarr cabhair orthu. Bí ag féachaint ar #siógnabpost ar Twitter go rialta agus ar an leathanach folúntas ar PEIG.ie.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta