Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Agóid faoi athchóiriú an chórais leasa

| , , ,

Thug an Rialtas Coimeádach i Londain athchóiriú ar an leas sóisialach isteach in 2015 leis an chóras a dheánamh níos simplí, dar leo.

In áit DLA, tá PIP ann, agus in áit na 6 shochar eile (creidmheas cánach linbh, sochar cóiríochta, liúntas tacaíochta ioncaim, liúntas cuardaitheora poist, liúntas fostaíochta agus tacaíochta agus creidmheas cánach oibre), tá Universal Credit – nó an Creidmheas Uilíoch – ann. 

Cé gur dúradh go rabhthas ag iarraidh an seanchóras a fheabhsú, tá an dá chóras nua ag cruthú go leor deacrachtaí do dhaoine, go háirithe dóibh sin atá ar lagchuidiú.

Chuaigh People Before Profit amach ar na sráideanna le déanaí agus bhailigh siad 8,000 ainm i mBéal Feirste agus i nDoire mar chuid d’achainí in éadan an chórais úir.

An tseachtain seo a chuaigh thart, reáchtáil an páirtí agóid faoin Chreidmheas Uilíoch agus PIP, agus tugadh na hainmneacha thuasluaite sin isteach chuig an Roinn Pobal i mBeál Feirste.

Labhair muid le Gerry Carroll agus Seán Mistéil ó People Before Profit faoi na fadhbhanna a bhaineann leis an chóras leasa nua agus faoin dhochar atá sé a dhéanamh don phobal anseo sa tuaisceart.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta