Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Year: 2019

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-deich-rud-a-d’fhoghlaim-me-le-deich-mbliana-anuas

Deich rud a d’fhoghlaim mé le deich mbliana anuas

1 — Níl an saol dubh agus bán.

Liath atá sé. De réir mar a théann muid in aois, faigheann muid amach nach coincheap simplí atá sa saol. Cothaíonn sin deacrachtaí. 

2 — Ná stop ag foghlaim.

Tuigim go mb’fhéidir go ndeachaigh mise beagáinín thar fóir leis an gceann seo, ach le deich mbliana tá máistreacht bainte amach agam, agus tá mé ar ais ag an ollscoil arís go ceann cúpla bliain eile. Faraor, níl an feabhas céanna tagtha ar mo chuid Fraincise… nach bhfuil deichniúr eile den phaidirín amach romham.

3 — Is maith iad na skinnies.

Jíons caola. Sheachain mé iad go 2012 agus bail ó Dhia orthu, ach is iad is compordaí agus is ildánaí i mo vardrús. Seaicéad, geansaí, t-léine, sála arda, bróga reatha. Téann siad le chuile shórt!

4 — Bíonn sé níos deacra ar mhná

Tá saol an mhadra bháin ag roinnt, ach is ag fir den chuid is mó atá sé. Cheap mé go raibh comhionannas inscne againn agus mé níos óige. Tar éis deich mbliana eile a chaitheamh ag obair agus sa saol mór, tuigim nach mar sin atá.

5 — Níl mé ‘cool’

Ní hamháin nach bhfuil mé cool, ach chaith mé na blianta ag iarraidh a bheith cool. Tuigim anois nach raibh mé cool riamh, agus chomh maith leis sin, gur breá liom gur duine uncool mé. Ar bhealach, tá sé sin é féin cineál cool… nach bhfuil?

6 — Ní féidir luach a chur ar an tsláinte

Ar ndóigh, bhí a fhios agam é seo le fada, ach níor thuig mé é go dtí gur thosaigh daoine thar timpeall orm ag éirí tinn agus go dtí gur thuig mé go bhfuil go leor nach bhfuil sách aclaí le tabhairt faoin saol go bríomhar. Tug aire do na cnámha agus do na matáin, agus fan súpláilte chomh mór agus atá tú in ann. Is lú dochtúirí a bheidh do chrá.

7 — Ós ag caint ar dhochtúirí é…

Chreid mé riamh gur daoine éirimiúla a bhí i ndochtúirí agus nach bhféadfaí coinneáil leis an méid intleachta atá acu. Tá sin fíor i roinnt cásanna, ach den chuid is mó, níl siad tada níos cliste ná an chuid eile againn, ach go bhfuil siad sásta an obair a dhéanamh sa gcaoi agus go mbeidh milliún rud faoin gcorp de ghlanmheabhair acu. Mar sin, bí sásta nach bhfuil do dhochtúir tada níos cliste ná tú, agus ná déan dearmad nach raibh aon saol acu ach an oiread agus iad ag foghlaim a gceirde.

8 — Tá an t-ádh orm.

Tá leaba agam. Tá cairde agam. Tá saoirse agam. Tá airgead i gcónaí i mo phóca. Sin níos mó ná tá ag go leor daoine. Nuair a fhoghlaimíonn muid é sin, cuireann sé cruth difriúil ar an dearcadh atá agat ar an saol. 

9 — Cuireann rudaí iontas orm fós.

Táim á scríobh seo ar bord eitleáin, agus fáil agam ar an idirlíon. Cuireann sé sin mearbhall orm. Ach beidh an méid céanna iontais orm ar ball ag breathnú ar thinte ealaíne na Athbhliana, nó ag spraoi le páistí beaga, á gcur ag gáire. D’fhoghlaim mé seilbh a ghlacadh ar an iontas sin. 

10 — Níl againn uilig ach seal.

Tá an deich mbliana seo sleamhnaithe. Mothaíonn sé cosúil le leathbhliain. Ná cuir amuigh í. 

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-rianta-na-bliana-2019

Rianta na Bliana 2019

Más ceol rince bríomhar, spleodrach atá uait tabhair cluas le héisteacht do chlár Finn ar NTS Radio, áit a bhíonn an DJ/léiritheoir óg ag caitheamh meascán mearaí ceirníní speed garage, geiteo-house, b-more, agus Hardcore na seanré le chéile ar bhonn míosúil amhail is nach faic é. 

Toradh an chur chuige mhisniúil chéanna é go bhfuil an Do What You Want Forever EP dá chuid ar cheann de cheirníní na bliana domsa. Ceol hipear-fhuinniúil, lúfar léirithe, a mheasfá, mar ábhar rince do ghleacaithe a bheadh ar na ribí de bharr Buckfast! 

Sheol Finn liosta chugainn dá rogha féin scoth-rianta ón urlár damhsa in 2019. Fear ar bheagán focal, lig Finn don gceol labhairt ar a shon féin!


1 – No Harm (Anz)

2 – DN4 (India Jordan)

3 – Warper (India Jordan)

4 – Untitled (Michael J Blood)

5 – Cong Burn 05 (Chekov / Doppelate / Camin / Howes)

6 – The NYC Dance Project (MoMA Ready)

7 – Champagne Circuits (Sharda)

8 – departt from mono games (LOFT)

9 – Breakin Necks (UNIIQU3)

10 – For Love (Jaques Greene)


Ta Do What You Want Forever le Finn le fáil anois ar cheirníní Local Action

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-b’fheidir-nach-miste-filleadh-ar-lathair-na-coire-uaireanta…

B’fhéidir nach miste filleadh ar láthair na coire uaireanta…

Ana-focan-scéal agam daoibh. Léigí go dtí an deireadh le bhur dtoil!

Is ea, bhíos tar éis tamall a chaitheamh ag Pop Up na Nollag i dtábhairne an Piper’s Corner i mBaile Átha Cliath. Chinneas ansan ar gheábh a thabhairt trasna na Life go Barra an Teampaill – ceol beo ó The Bonk sa Projects Arts Centre. Lena raibh de thacsaithe im thimpeall ar a gcroí dícheall a d’iarraidh mé a mharú, ambaiste, bhí cúram mo dhóthain orm an áit a bhaint amach ar rothar.

Col ar fad ag na tacsaithe le rothaithe na laethanta so! Neomat amháin, stoptha os comhair an tsolais dheirg, neadaithe isteach sa lána rothar, thugas sracfhéachaint ar shuíomh GPS an Projects Arts Centre le cabhair mo ghutháin. Ní mór ná gur léim an tiománaí amach as a chairt le mé a thachtadh – “you’re looking at your f*****n phone!”.

Shroicheas ionad na ceolchoirme in ainneoin an imeaglaithe. Fuaireas ráille breá iarainn lem chapall iarainn a cheangal tamall ann. Fén dtráth gur chuir The Bonk críoch le taispeántas den scoth, bhí an banna agus a chomhluadar ar aon fhocal go raibh deoch agus dúidín tuillte ag na héinne. 

Siar linn go dtí an Czech Inn, agus bhí sé an dó a chlog nuair a tháinig amach as an áit arís. Anoir liom fé dhéin mo rothair, ach é a bheith sciobtha leis ag cníopaire éicint. Mo rothar aoibhinn goidte. Th’anam ‘on diabhal.

Chun codlata liom, agus dobrón orm i dtaobh a raibh tite amach. Ach dhearúdas eachtra na hoíche ar thitim dom isteach i néal ana-thaitneamhach, mé ag taibhreamh liom ar laethanta a bhí, agus dhá roth mo rothair fúm. 

Dhúisíos arís de phreab, agus cuimhne obann ar an drochrud agam. Solas an lae ag beannú thar Ardeaglais Theampall Chríost chugham. Maidin álainn chun… siúlóide. 

An ghráin agam ar a bheith ag siúl. Ach an bóthar a ghaibheas, chuir sé i bhfoisceacht don ráille ónar goideadh mo rothar mé. D’fhilleas ar láthair na coire le barra fiosrachta, agus go deimhin féin, nár liom a bhí an seans gur dheineas amhlaidh. 

Greamaithe leis an ráille céanna, bhí mála plaisteach ar a raibh greanta teachtaireacht ghonta. Is é a bhí scríte ná gur goideadh rothar an oíche roimh ré, nach maith ab eol dom é, agus le glaoch a chur ar Bad Bob lena thuilleadh a fháil amach.

Níorbh eol domsa cérbh é Bad Bob, ach bhí leisce orm é a fháil amach. Dá raghainn chuige ar thóir mo rothair, gan é in úsáid ach mar bhaoite aige? Dá leagfadh sé amach mé d’fhonn na duáin a bhaint díom agus a dhíol ar mhargadh dubh na Nollag? Smaointe mar iad a bhí im cheannsa.

Do Ghúglálas Bad Bob ach go háirithe, agus d’fhoghlaimíos gur tigh tábhairne a bhí i gceist. Tigh tábhairne a bhí suite laistiar díom! Do chuas isteach, pictiúr den teachtaireacht rúndiamhair a bhí romham ar maidin á thaispeáint don fhreastalaí agam.

Is gearr go mbeidh an bainisteoir leat, arsa é sin, “but he’s a f****n headcase”. Níorbh fhada gur nocht an headcase féin romham, agus do chrom sé siúd ar óráid a thabhairt ar an gcontúirt a bhaineann le rothair a pháirceáil i gCathair Átha Cliath. 10,000 rothar goidte i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2018! Agus idir ghadaithe agus thacsaithe, nach neamhfháiltiúil an áit í Cathair Átha Cliath roimis rothaithe?

Fiafraíodh díom pé scéal é cén chuma a bhí ar mo rothar. Thaispeánas don bhainisteoir féinín rothair a thógas ar Bhóthar na bhFál a bhí ar mo scéal Instagram i gcaitheamh na seachtaine. Agus bhí an rothar acu ambaiste. Neosadar dom an scéal. Is amhlaidh a thug bithiúnach fé mo rothar a ghoid an oíche roimh ré. Bhí glas an rothair díreach briste aige nuair a bheir cúpla duine de lucht taithithe Bad Bob’s air. Is maith iad na caiteoirí toitíní! 

Chuireadar mo rothar go slán in airde staighre sa phub, agus teachtaireacht ar mhála plaisteach ar an ráille i dtreo is go bhféadfainnse tengmháil a dhéanamh leo. Mo rothar fachta thar n-ais agam! An ceacht – b’fhéidir nach miste filleadh ar láthair na coire uaireanta.

Is ea, is minic a chloistear scéalta ar rothair a ghoidtear, agus ná faightear go deo thar n-ais. Seo ceann anois fé rothar a fuarthas thar’n ais! Anois, an bhfuil mo sparán feicthe ag éinne agaibh?

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-sraitheanna-teilifise-na-deichaoise-–-cuid-a-do

Sraitheanna Teilifíse na Deichaoise – cuid a dó

Seo cuid a dó de liosta Phóilín Nic Géidigh faoi na cláracha teilifíse is fearr a tháinig amach le deich mbliana anuas. Mura n-aontaíonn tú léi, abair léi ar a leathanach Twitter é.


2015

Narcos

Insíonn Narcos an fíorscéal faoi fhás agus leathadh na gcairtéal cócaoin i Meiriceá Theas agus iarrachtaí lucht dlí agus cirt dul i ngleic leis i gcoimhlint fhuilteach, mharfach. Díríonn sé ar phríomhmhangaire drugaí chlúiteach na Colóime Pablo Escobar, agus Steve Murphy, oifigeach DEA a cuireadh chuig an Cholóim ar mhisean de chuid na Stát Aontaithe le Pablo Escobar a ghabháil agus a mharú. 

Le fáil ar: Netflix

Making a Murderer

Rinneadh scannánú ar Steven Avery thar thréimhse 10 mbliana, fear a cúisíodh as coir uafásach. Tharraing an clár faisnéise seo aird an domhain ar a chás agus ar an Choirscéalaíocht Fhírinneach, agus is beag duine nach bhfuil tuairim acu faoin scéal seo. 

Ar fáil ar: Netflix 

Poldark

Filleann Ross Poldark (Aidan Turner) ar Chorn na Breataine i ndiaidh dó a bheith ag troid i Réabhlóid Mheiriceá. Shíl a theaghlach agus a chairde go raibh sé marbh, tá an bhean a raibh sé ag súil lena phósadh lena chol ceathrair anois, agus tá a thalamh ag dul in olcas. Is dráma teaghlaigh é seo faoi na dúshláin agus na coimhlintí idir na daoine saibhre agus na daoine bochta sna 1700idí i Sasana (agus baineann Aidan Turner a léine de go minic).

Ar fáil ar: Netflix

Red Rock

Dráma coireachta bunaithe ar stáisiún ghnóthach Gardaí i mBaile Átha Cliath. Tugann an tsraith léargas réalaíoch dúinn ar choireanna drongchoirpeachta, breabaireacht, agus an foréigin a bhíonn ar siúl inár dtír féin, agus an dóigh a chaitheann an gnáthdhuine leis an Gharda Síochána. 

Ar fáil ar: Virgin Media Player

Schitt’s Creek

Nuair a thagann an t-anás ar an fhear gnó shaibhir Johnny Rose (Eugene Levy) agus a theaghlach, bíonn orthu a saol a fhágáil ina ndiaidh lena n-impireacht a atógáil ó theorainneacha tuaithe na cathrach ar an aon sócmhainn amháin atá fágtha acu — Schitt’s Creek, baile beag a cheannaigh siad uair amháin mar jóc.

Ar fáil ar: Netflix

Moladh Onórach

Mr. Robot

Crazy Ex-Girlfriend

Better Call Saul

Daredevil

Jessica Jones

Fresh Off the Boat

Grace and Frankie

2016

The Crown

Leanann The Crown na himeachtaí polaitiúla agus an rómáns a bhain le réimeas na Banríona Eilís II agus na himeachtaí a mhúnlaigh an dara leath den fhichiú haois. Rinneadh athrú ar na haisteoirí i séasúr a trí den chlár leis an réimse ama agus an próiseas aosaithe a chuir in iúil don lucht féachana. Fiú mura bhfuil suim ar bith agat sa mhonarcacht, is furasta eirí gafa leis an scannal agus na rúin atá le fáil in aon teaghlach amháin.

Stranger Things

I mbaile beag Hawkins ina bhfuil aithne ag achan nduine ar a chéile, nuair a théann stócach óg ar iarraidh cuirtear tús le sraith imeachtaí, rud a chroitheann pobal síochánta na háite. Tagann ranna rialtais agus fórsaí osnádúrtha le chéile ar an bhaile, agus tosaíonn roinnt de mhuintir na háite ag tuigbheáil go bhfuil níos mó ar siúl ná mar a síltear.

Ar fáil ar: Netflix

The Good Place

Is baile é The Good Place, áit a dtéann na daoine a bhí go maith ar feadh a saoil nuair a bhásaíonn siad. Is é Michael (Ted Danson) an t-ailtire a dhéanann maoirseacht ar an bhaile. Tagann Eleanor (Kristen Bell) chuig the Good Place agus tuigeann sí nach bhfuil sí in ainm is a bheith ann ar chor ar bith. Le cuidiú óna cara Chidi, déanann Eleanor iarracht a cuid botún a cheartú, agus í ag iarraidh a háit a shaothrú i The Good Place. 

Ar fáil ar: Netflix

O. J. Simpson: American Crime Story

Is sraith é The People v. O. J. Simpson a thugann léiriú dúinn ar thriail an imreora peile Mheiriceá O.J. Simpson, le súil ghéar a leagan ar na foirne dlí a bhí ag streachailt chun é a chiontú nó a shaoradh nuair a cúisíodh as dúnmharú dúbáilte é. Deir go leor daoine gur as an scéal seo a tháinig an t-imthriall nuachta 24 uair an chloig agus saolú na teilifíse réaltachta. 

Ar fáil ar: Netflix

Fleabag

Níl aon chiall ag an bhean thruaite seo, a dtugtar Fleabag uirthi, agus í ag dul i ngleic leis an saol agus an ghrá in London anuas ar a bheith ag ag iarraidh déileáil le tragóid phearsanta. Is í an t-aisteoir grinn Phoebe Waller-Bridge an príomhcharachtar sa tsraith, atá bunaithe ar dhráma stáitse a scríobh Waller-Bridge, den ainm céanna. Tá ról ag an aisteoir Éireannach Andrew Scott sa tsraith chomh maith, mar shagart, agus go leor scríofa faoi sna meáin le tamall anuas, agus an leasainm ‘The Hot Priest’ á thabhairt air.

Moladh Onórach

This is Us

Gilmore Girls A Year in the Life

The OA

Rebellion

Can’t Cope Won’t Cope

Designated Survivor

Westworld

2017

Riverdale

Bunaithe ar Archie Comics, thosaigh Riverdale mar dhráma do dhéagóirí, ach tá leantóirí dílse faighte aige mar gheall ar na dúrúin dúnmharaithe, an rómánsaíocht, agus na cora floscthacha sa phlota. Bhí achan nduine gafa leis an chlár seo nuair a thosaigh sé go láidir in 2017, agus b’fhiú go mór é a thoiseacht le feiceáil cén tuighe ar eirí daoine chomh tugtha de. 

Ar fáil ar: Netflix

The Handmaid’s Tale 

I ndomhan ina bhfuil ár dtodhchaí chomh éiginnte sin, is scanrúil an scéal é The Handmaid’s Tale, bunaithe ar leabhar Margaret Atwood. Sa tsraith seo, tá daonlathas bunaithe ar reiligiún curtha ar bun sna Stáit Aontaithe, agus Gilead a thabhairt ar an tír úr. Sa tír seo is saoránaigh den dara grád iad mná. Cuirtear pionós ar dhuine ar bith atá ag iarraidh éalú. Mar bhanseirbhísigh, bíonn ar mhná leanaí a iompar d’oifigigh rialtais gan chlann.

Ar fáil ar: NowTV

Atypical

Tá an tríú sraith de Atypical díreach i ndiaidh a bheith curtha ar Netflix, agus níor tháinig laige dá laghad ar an chaighdeán go fóill. Tugann an sraith seo léiriú dúinn ar shaol daoine le huathachas, caidrimh teaghlaigh, agus ar an dóigh a dtéann daoine i ngleic le dúshláin go pearsanta.

Ar fáil ar: Netflix

Dynasty

Bhí go leor daoine gafa le Dynasty nuair a thosaigh sé sna 1980idí, agus tá a fós leis an atosú nua-aimseartha seo. Fiú mura dtugann tú aird ar an scéal é féin, beidh tú gafa leis an fhaisean agus an spleodar a bhaineann leis an bourgeoisie. Is féidir linn a bheith ag brionglóideach, is dócha. 

Ar fáil ar: Netflix

Anne with an E

Léiríonn an Conallach Amybeth McNulty an cailín rua, amscaí, uchtaithe, a chruthaíonn saol ina samhlaíocht le déileáil le cúinsí deacra eile. Tá an tsraith seo bunaithe ar an leabhar cáiliúil Anne of Green Gables, suite in Prince Edward Island i gCeanada, scríofa ag L.M. Montgomery.

Ar fáil ar: Netflix

Moladh Onórach

Riviera

Ozark

Big Little Lies

Friends from College

Dear White People

The End of the F***ing World

2018

You

Leanann an chéad séasúr den scéinséir síceolaíoch seo scéal Joe Goldberg, bainisteoir siopa leabhar i Nua-Eabhrac, a bhuaileann le Guinevere Beck, agus a éiríonn gafa léi. Lena ghreim mífholláin a chothú, úsáideann sé na meáin shóisialta agus teicneolaíocht eile lena cuid gluaiseachtaí a rianú. Seo léargas tábhachtach ar an úsáid a bhaineann muid as na meáin shóisialta agus an dóigh gur féidir iad a úsáid i do choinne. Tá an dara sraith ar fáil ar Netflix anois. 

Dirty John

Titeann Debra i ngrá le dochtúir álainn, cumasach, ach go luath feictear nach sin an cás. Castar an cliché den ‘leasmháthair olc’ ar a cheann leis an leasathair urchóideach sa dráma seo a choinneoidh ar imeall do chathaoireach thú.  

Chilling Adventures of Sabrina

Duine ar bith a bhfuil cuimhne acu ar Sabrina the Teenage Witch a tháinig amach sna 1990idí, beidh iontas orthu faoin an athinsint dhorcha seo de scéal na caillí óige Sabrina. Tá níos mó den fhócas ar an taobh mailíseach den draíocht agus na hiarmhairtí a bhaineann leis an saol eile seo. 

The Young Offenders

Leanann an tsraith ghrinn seo déagóirí chathair Chorcaí, Conor agus Jock, agus iad ag cruthú trioblóide le cuidiú leo neamhaird a dhéanamh ar an saol baile agus a neamhábaltacht fanacht amach as trioblóid ar an scoil. Cruthaithe ag Peter Foott, tá Chris Walley agus Alex Murphy ar bheirt de na réaltaí úra Éireannacha atá ag teacht ar an láthair agus ag baint cáil amach dóibh féin ar an ardán domhanda aisteoireachta le cúpla bliain anuas.

Derry Girls

Is doiligh a chreidbheáil gur anuraidh a tháinig na Derry Girls ar ár scáileáin de phreab, sraith a rinne léargas iontach ar ghreann agus ar chraic mhuintir na hÉireann ó thaobh ár laethanta scoile, cúrsaí teaghlaigh, agus cúrsaí sna Sé Chontae i ndiaidh an phróisis síochána. Ní hamháin go bhfuil ráth ar an chlár sa tír seo, ach tá lucht féachana ollmhór aige thar lear fosta, de bharr go bhfuil an tsraith ar fáil ar Netflix ar fud an domhain anois. 

Moladh Onórach 2018

Bodyguard

Killing Eve

Queer Eye

Barry

Succession

2019

Sex Education

Bunaíonn déagóir, ar teiripeoir gnéis í a mháthair, clinic teiripe gnéis rúnda le comhghleacaí ar an scoil. Clár úr, spreagúil a thug Netflix amach as an lag ina raibh sé ó thaobh cláracha nuálacha. Beidh go leor ag fanacht go géar ar shraith a dó go luath i mí Eanáir. 

Chernobyl

Ceann de na cláracha is mó a raibh ráchairt air i mbliana ar Sky Atlantic. Athinsint ar an scéal tragóideach faoin stáisiún cumhachta núicléiche in Chernobyl san Úcráin. Ainmníodh an tsraith fá choinne 19 Gradam Emmy agus tá le feiceáil go fóill cé mhéid Golden Globe a bhuafaidh sé. 

Russian Doll

Faigheann bean óg chiniciúil i gcathair Nua-Eabhrac bás arís agus arís eile agus ag filleadh ar an chóisir atá ar siúl ag an am céanna ar an tráthnóna céanna. Déanann sí iarracht bealach a fháil amach as an lúb ama aisteach seo. Má chrónaíonn tú Natasha Lyonne as Orange is the New Black, seo an clár duit, tá a carachtar chor a bheith go hiomlán mar an gcéanna.

Modern Love

Tháinig cuid de réaltaí móra na deichaoise le chéile ar an tsraith seo atá cruthaithe ag Amazon faoi mar atá cúrsaí grá inár saol inniu sa nua-aois seo. Tá Anne Hathaway, Tina Fey agus Dev Patel mar chuid den chlár greannmhar agus rómansúil bunaithe ar scéalta i gcolún nuachta dar teideal ‘Modern Love’. Tá seo ar fáil ar Amazon Prime, agus tá Prime Video go fóill ar fáil saor in aisce do chustaiméirí Eir ar feadh bliana! 

This Way Up

Tá an fuirseoir Aisling Bea ag dul ó neart go neart idir a clár Netflix le Paul Rudd (luaite sa liosta onórach) agus an obair uilig atá déanta aici ar phainéal 8 out of 10 Cats ar E4. Tá an príomhról aici sa chlár grinn seo This Way Up le Sharon Horgan, áit a mbíonn a carachtar ag iarraidh a saol a atógáil i ndiaidh cliseadh néarach. 

Moladh Onórach 2019

Euphoria

The Mandalorian

Umbrella Academy

The Politician

Living With Yourself

Dead to Me

I Think You Should Lead

The Last Czars


Cláracha a raibh ráchairt orthu sa Deichaois seo ach a thosaigh roimpi

It’s Always Sunny in Philadelphia (2005)

Mad Men (2007)

Breaking Bad (2008)


Foilsíodh an chéad chuid den alt seo inné.

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-t-alt-is-mo-leamh-ar-nos-in-2019…

An t-alt is mó léamh ar NÓS in 2019…

Foilsíodh inné liosta de na hailt is mó léamh, ó uimhir a 30 go huimhir a 16, ar NÓS i gcaitheamh na bliana 2019. Bhí meascán maith ann d’ábhar, idir shúgradh agus dáiríre, idir chartúin, ailt fhada, liostaí gairide, agus fhíseáin dheasa.

Inniu, ar lá deiridh na bliana, nochtfaidh muid an t-alt is mó léamh in 2019, chomh maith leis an gcuid eile den liosta iomlán. Foilseofar amárach briseadh síos ar líon na léitheoirí a bhí ag NÓS i mbliana — méadú ar líon na léitheoirí rialta arís eile i mbliana — agus staitisticí úsáide eile.

Tá súil againn gur thaitin an t-ábhar a cuireadh ar fáil, idir ailt, fhíseáin, chartúin, phodchraoltaí agus eile lenár léitheoirí ar fad i mbliana agus tá muid ag súil le bliain mhór mhaith libh in 2020. 


15 — Féile Bendigeidfran

Reáchtáladh Féile Bendigeidfran den chéad uair i mbliana, ‘Tionscnamh IdirCheilteach’ a bhí ar siúl sa Bhreatain Bheag agus é mar aidhm aige cainteoirí Gaeilge agus cainteoirí Breatnaise a thabhairt le chéile sa gcaoi is go bhfoghlaimeoidís óna chéile. Bhí colúnaí NÓS, Eoin P Ó Murchú, i láthair agus thug sé an tuairisc bhreá seo ar na himeachtaí dúinn i mí Aibreáin.

14 — #WhyIrish?

Tá cáil nach beag faoin am seo ar an gcuntas Twitter @motherfocloir. Is fochuntas sealaíochta de chuid @TheIrishFor atá ann, agus bíonn aoi-ghiolcaire nua ann chuile sheachtain. Bhí duine d’fhoireann sheasta an phodchraolta Motherfocloir, Éimear Duffy, ar an stiúir ag tús na bliana agus spreag sí na mílte duine páirt a ghlacadh i gcomhrá mór faoina gcaidreamh leis an nGaeilge.

13 — The Foggy Dew as Gaeilge

D’eisigh Gráinne Holland s’againne a dara halbam, Gaelré, in 2015 agus bhí tóir go fóill ar an leagan cumhachtach den amhrán cáiliúil reibiliúnach seo go fóill in 2019. Bíonn an t-amhrán seo i measc na míreanna is mó léamh ar NÓS bliain i ndiaidh bliana. 

12 — Amhrán na nGael le Méabh Ní Bheaglaoich 

Amhrán eile ar liosta na bliana seo, an uair seo ‘Amhrán na nGael’ leis an amhránaí Duibhneach Méabh Ní Bheaglaoich. 

Tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhfuil an oiread sin saibhris againn anseo, leis an gceol, leis an dteanga, leis an stair, leis an bhfilíocht, leis na healaíona i gcoitinne…

11 — ‘Is Sinne Óg’, amhrán Gaeilge Picture This

Picture This – When We Were Young

Físeán agus Amhrán den scoth ó Picture This agus Eoghan McDermott, RTÉ 2fm. Roinnigí agus bainigí sult as ❤❤

Posted by Raidió Rí-Rá on Friday, August 3, 2018

Amhrán a eisíodh ar an albam CEOL 2018 agus an-tóir go deo air ó lá a eisithe amach. 

10 — Logainmneacha Shasana i nGaeilge

Tá a fhios againn uilig gur tháinig na Sasanaigh go hÉirinn agus go ndearna siad iarracht ár logainmneacha dúchais a ghlanadh ó chuimhne na ndaoine trí leaganacha Gallda de na focail Ghaeilge a bhuaileadh ar léarscáileanna agus ar chomharthaí bóthair na tíre. Ach cén chuma a bheadh ar Shasana dá rachadh na Gaeil anonn ansin le peann dearg? Sin í an cheist a bhí ag dó na geirbe ag Eoin P Ó Murchú nuair a dhear sé an léarscáil seo! 

9 — Na 10 Logainm is Iontaí in Éirinn

Is maith libh liostaí! Agus is maith libh logainmneacha is léir! Bhí liosta de na logainmneacha is ‘scanrúla’ in Éirinn ar alt an lae inné, agus seo chugaibh na logainmneacha ‘is iontaí’! Seo thíos rogha de na 10 logainm Gaeilge is craiceáilte in Éirinn, a bhuí le logainm.ie agus placenamesni.org.

8 — ‘Táim in ann labhairt as Gaeilge’ — McGregor

Tá Conor McGregor go fóill ar dhuine de na lúthchleasaithe Éireannacha is cáiliúla amuigh, cé gur beag meas atá ag muintir a thíre féin air faoin am seo. Bhí an trodaí in Chicago do Lá Fhéile Pádraig nuair a ceistíodh a chumas labhartha Gaeilge. “Tá mé in ann labhairt as Gaeilge,” an freagra a thug sé ar cheist nach gcloistear sa bhfíseán de a scaipeadh ar na meáin shóisialta san earrach. 

7 — CCBT? An FMT An8? 3CAG? 

Chuir Eoin P Ó Murchú an liosta seo de ghiorrúcháin na Gaeilge le chéile i mí Feabhra 2018 agus bhí an-tóir go deo ar an alt féin agus ar na grafaicí a chuaigh leis. Ar ndóigh, spreag an t-alt seo alt eile atá ar an liosta (12) faoi na giorrúcháin is mó i mbéal an phobail ar Twitter.

6 — Eoin Keane agus Maura Higgins

Bhí an tír gafa le Love Island ar theilifís Shasana i gcaitheamh an tsamhraidh, agus bhí Éireannach mná, Maura Higgins as an Longfort, ar dhuine de réaltaí móra an tséasúir. Bhí ár gcolúnaí Eoin Keane an-tógtha leis an gclár agus chonaic ann cosúlachtaí go leor idir an tréimhse a chaith na rannpháirtithe ar Oileán an Ghrá agus na tréimhsí a chaitheann daoine óga in Éirinn sa nGaeltacht…

5 — Caint na nDaoine Abú 

Seo an dara halt faoi ghiorrúcháin Ghaeilge ar liosta na bliana seo agus ní hé an t-alt deireanach ar an ábhar é. Eoin P Ó Murchú chugainn arís leis an liosta seo de ‘théacschaint nua-aimseartha’ a chuir sé le chéile chomh fada siar le 2013. Bíonn tóir bliain i ndiaidh bliana ar an alt seo. 

4 — GRMA, a MTS – na giorrúcháin Ghaeilge is coitianta ar Twitter

Rinne an ríomheolaí aitheanta, Kevin Scannell, anailís ar na giorrúcháin Ghaeilge is coitianta ar Twitter agus tháinig aníos le liosta fíorspéisiúil de na nathanna nua-aimseartha is mó a bhíonn i mbéal an phobail — leasainm Mháirtín Tom Sheáinín RTÉ RnaG ina measc! 

3 — An Fáinne Sine seolta ag Conradh na Gaeilge

Alt grinn a bhí chomh dána sin gur bhagair Facebook orainn go scriosfaí leathanach NÓS dá gcuirfí in airde arís é.

2 — 6 bhotún choitianta sa Ghaeilge

Alt cartlainne eile (ó 2015) a tháinig chun cinn go mór arís i mbliana agus imní oraibh go bpeacaíonn sibh go trom ó thaobh na gramadaí de. Chuir saoithe na Gaeilge i nGaelchultúr i mBaile Átha Cliath an liosta seo le chéile dúinn beagnach cúig bliana ó shin anois, ach cuirfidh na Gaeil spéis i ngramadach a dteanga i gcónaí!

1 — 10 ndeasú gnéis…as Gaeilge

Kama Sutra na Gaeilge! Foilsíodh an t-alt seo Lá Fhéile Vailintín 2015 den chéad uair, agus bíonn sé ag barr an liosta go minic. Go deimhin, is é an t-alt is mó léamh riamh é ar NÓS agus spéis leanúnach ag ár léitheoirí ar na bealaí is fearr le craiceann a bhualadh as Gaeilge. 


Foilsíodh an chéad chuid den alt seo inné.

Níos mó

5 fhíseán cúrsaí reatha is mó ó 2020

Ceara Ní Choinn, Seán Ó Baoill, Caoimhe Ní Chathail, Sorcha Ní Chearúlláin
31 December 2019

Bliain chorraitheach, chonspóideach a bhí in 2019 i dtaca le cúrsaí reatha go háirithe sna Sé Chondae. Seo súil siar ar chúig fhíseáin a tharraing aird an phobail i mbliana…

Bagairt fíneála ar bhean 85 bliana d’aois as comhartha Gaeilge a chur in airde…

Tá Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach ag bagairt fíneáil £2,500 a ghearradh ar bhean i mBaile Raghnaill as comhartha Gaeilge a bheith crochta ar sconsa a tí.

Fuair an bhean, atá 85 bliana d’aois, litir sa phost ón Chomhairle an tseachtain seo caite a mhaígh go raibh uirthi an comhartha a bhaint aníos taobh istigh de sheachtain ón am a seachadadh an litir.

Luadh an líne “the display of an unauthorised advertisement is an offence” sa litir agus go ngearrfaí uas-fíneáil £2500 uirthi mura mbainfeadh sí aníos an comhartha, agus £250 sa mhullach air sin achan lá a bheadh an fógra go fóill in airde.



Na céadta duine i gcoinne iarratais le feirmeacha oisrí a fhorbairt i dTír Chonaill..

Tá 13 hiarratas curtha chuig an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Micheal Creed le feirmeacha oisrí a fhorbairt idir Bá Bhaile an Easa agus trá Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Thír Chonaill.

Is scéal é seo a tháinig aniar aduaidh ar chuid mhór den phobal áitiúil.

D’fhreastail breis ag 700 céad duine ar chruinniú poiblí a bhí ar siúl ar an Fhál Carrach le deanaí lena mí-shástacht agus a n-imní a léiriú faoi na pleananna seo.

Deirtear go mbeidh na feirmeacha chomh mór le 50 páirc peile.



1,000 freagra ar chomhairliúchán Ollscoil na Ríona faoi chomharthaí Gaeilge…

Bailíodh suas le 1,000 freagra ar phróiseas comhairliúcháin a bhí ar siúl in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste faoi chomharthaíocht dhátheangach a chur in airde ar champas na hollscoile.

Bhain an comhairliúchán le ‘polasaí comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta’ na hollscoile agus d’éirigh leis an Chumann Gaelach líon suntasach freagraí a bhailiú le linn an chomhairliúcháin, ar tháinig deireadh leis Dé Céadaoin seo caite.



An Aoine Dhearg ag Stormont…

D’fhreastail na céadta daoine ar ‘An Aoine Dhearg’, léirsiú de chuid An Dream Dearg ag Cnoc an Anfa Dé hAoine seo caite.

Bhí an slua i mbun agóide ar son Acht Gaeilge agus iad ag éileamh ar na páirtithe atá i mbun comhchainteanna faoi láthair an gheallúint a tugadh i leith na Gaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn a chomhlíonadh.



Tuairimí ón Teorainn: Coláiste Oiriall…

Is iomaí casadh i scéal Brexit le dhá bhliain go leith anuas ach sa deireadh thiar tá an chuma ar an scéal gur ag druidim chun deiridh atá an próiseas iomlán.

Sa tsraith seo ‘Tuairimí ón Teorainn’ tugann muid guth do dhaltaí scoile ar ábhar an Bhreatimeachta.

Pléann siad a dtuairimí ar an Bhreatimeacht agus an imní atá orthu faoin todhchaí, go háirithe agus iad ina gcónaí gar don teorainn.

An tseachtain seo, is i gColaiste Oiriall i Muineachán atá muid, áit ar roinn daltaí a gcuid barúlacha ar Brexit linn…



Níos mó

<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gailearai:-scoth-na-bpictiur-o-scealta-mora-spoirt-na-bliana-in-eirinn

GAILEARAÍ: Scoth na bpictiúr ó scéalta móra spóirt na bliana in Éirinn

Úd eile aimsithe ag Sasana i Staid Aviva

2 Feabhra

Chuir foireann rugbaí na hÉireann drochthús leis an mbliain nuair a chailleadar i gcoinne Shasana i mBaile Átha Cliath ina gcéad chluiche i gCraobh na Sé Náisiún. Chríochnaigh foireann Joe Schmidt sa tríú háit sa chomórtas agus bhí tuilleadh crá croí rompu

Gráinne O’Kane agus Siobhán Bradley

3 Márta

Níor chuir an sneachta a dhath mairg ar fhoireann chamógaíochta Shleacht Néill agus Craobh Shinsir na hÉireann buaite acu don tríú bliain as a chéile ag tús mhí an Mhárta

Henry Shefflin agus Michael Fennelly

17 Márta

Bhí Henry Shefflin ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh arís Lá Fhéile Pádraig agus é i gceannas ar fhoireann Bhaile Héil a bhuaigh ar Naomh Tomás i gcluiche ceannais na hÉireann

David Burke ag labhairt i ndiaidh an chluiche

17 Márta

Don dara bliain as a chéile, rinne peileadóirí Chora Finne slad ar a gcéilí comhraic sa chluiche ceannais peile nuair a chuir siad na Crócaigh de dhroim seoil i bPáirc an Chrócaigh

Foireann Mhaigh Eo ag ceiliúradh

31 Márta

Bhí údar ceiliúrtha ag peileadóirí Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh faoi dheireadh agus cluiche ceannais Roinn 1 na sraithe buaite acu i gcoinne Chiarraí

Billy Vunipola ag scóráil do Saracens i gcoinne Chúige Laighean

11 Bealtaine

Drochscéala a bhí ann do Chúige Laighean mí Bealtaine nuair a fuair Saracens an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh

Ryan Mullaney agus lucht tacaíochta Laoise ag ceiliúradh

7 Iúil

Rinne iománaithe Laoise gaisce mí Iúil nuair a dhíbir siad Áth Cliath as Craobh Shinsir na hÉireann

Shane Lowry agus an Claret Jug

21 Iúil

Údar mór díomá a bhí ann do lucht gailf na hÉireann nuair a chlis go dona ar Rory McIlroy i bPort Rois ag tús Chraobhchomórtas Oscailte na Breataine. Bhí an tír uile faoi gheasa ag Shane Lowry roimh dheireadh na seachtaine nuair a bhuaigh fear Uíbh Fhailí a chéad mhórchomórtas

An rás 100m buaite ag Rhasidat Adeleke

23 Iúil

Rinne an rábálaí óg Rhasidat Adeleke gaisce mí Iúil nuair a thug sí boinn óir léi sa gcomórtas 100m agus 200m ag Féile Oilimpeach Óige na hEorpa

Niall O’Meara agus Séamus Kennedy agus cluiche ceannais na hÉireann buaite acu

18 Lúnasa

Ba iad Tiobraid Árann rithe iomána na hÉireann ó thugadar leo Corn Mhic Cárthaigh mí Lúnasa tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh sa chluiche ceannais

Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan

31 Lúnasa

Bliain tar éis dó bonn óir a bhuachan lena dheartháir Gary ag Craobh Rámhaíochta an Domhain, bhí Paul O’Donovan ag ceiliúradh arís nuair a bhuaigh sé féin, agus Fintan McCarthy ina leathbhádóir aige an geábh seo, bonn óir eile

Sanita Puspure agus bonn óir eile buaite aici

1 Meán Fómhair

Don dara bliain as a chéile thug rámhaí eile de chuid na hÉireann bonn óir abhaile nuair a bhuaigh Sanita Puspure an Chraobh W1x- san Ostair

Foireann camógaíochta na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann

9 Meán Fómhair

Má chlis foireann chamógaíochta na Gaillimhe i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann le roinnt blianta anuas, thapaigh siad a ndeis in 2019 agus thug siad taispeántas cumasach uathu i gcoinne Chill Chainnigh chun Craobh na hÉireann a bhuachan

Stephen Cluxton agus Corn Mhic Chárthaigh ina sheilbh aige

14 Meán Fómhair

Bhí cúig chúis cheiliúrtha ag peileadóirí Átha Cliath mí Mheán Fómhair agus Craobh Shinsir Peile na hÉireann tugtha leo acu don chúigiú bhliain as a chéile. B’éigean dóibh Ciarraí a imirt faoi dhó sula bhfuair siad an ceann is fearr orthu ach faoi dheireadh bhí gaisce déanta acu nach ndearna aon chontae eile

Imreoirí Átha Cliath, Sinéad Goldrick, Kate Fitzgibbon agus Caoimhe O’Connor

15 Meán Fómhair

B’iontach go deo an deireadh seachtaine a bhí ag lucht peile na hardchathrach agus Craobh Peile na mBan buaite ag mná Átha Cliath lá i ndiaidh bhua na bhfear ar an ngort céanna. Cluiche crua, fisiciúil a bhí ann i gcoinne na Gaillimhe ach sheas mná Átha Cliath an fód go daingean agus d’éirigh leo an tríú craobh as a chéile a chrochadh leo

Michael Duffy ag ceiliúradh agus cúl scóráilte aige

23 Meán Fómhair

Bhuaigh Dundalk an Phríomhroinn i Sraith na hÉireann in 2019, an cúigiú huair acu le sé bliana. Bhí Dún Dealgan 11 pointe chun cinn ar Shamrock Rovers sa deireadh

Imreoirí na Seapáine ar an bpáirc i Shizuoka

28 Meán Fómhair

Cé gur chuir Éire tús maith le Corn Rugbaí an Domhain nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Albain, thit rudaí as a chéile sa chéad chluiche eile nuair a tháinig an tSeapáin aniar aduaidh ar fhoireann na hÉireann

Duine sa slua i gcluiche na hÉireann i gcoinne na Seoirsia mí an Mhárta

29 Meán Fómhair

Bhí scéal John Delaney agus an FAI ina údar mór conspóide ó mhí an Mhárta ach d’éirigh Delaney as ar deireadh thiar mí Mheán Fómhair agus an chuma air gur ina phraiseach atá cumann sacair na hÉireann

Rhys McClenaghan agus a bhonn cré-umha

12 Deireadh Fómhair

Ba é Rhys McClenaghan an chéad ghleacaí riamh as an tír seo a bhuaigh bonn i gCraobh an Domhain nuair a chríochnaigh sé sa tríú háit ar an gcapall corr in Stuttgart

Imreoirí na Danmhairge sásta i ndiaidh an chluiche i mBaile Átha Cliath

18 Deireadh Fómhair

Chaithfeadh foireann sacair na hÉireann an ceann is fearr a fháil ar an Danmhairg chun áit a bhaint amach ag EURO 2020 ach cé gur thug imreoirí Mick McCarthy taispeántas réasúnta maith uathu, chríochnaigh an cluiche sin ar comhscór. Níl de rogha ag na hÉireannaigh anois ach triall ar na babhtaí cáilithe

Cuid de lucht tacaíochta na hÉireann in ísle brí

19 Deireadh Fómhair

An Nua-Shéalainn a bhí roimh fhoireann na hÉireann i mbabhtaí ceathrú ceannais Chorn an Domhain agus níor chuir sé iontas ar mhórán nuair a bhuaigh na ‘All Blacks’ go héasca. Chuir an cluiche sin deireadh le ré Joe Schmidt i gceannas ar fhoireann na hÉireann

Katie Taylor agus Christina Linardatou

2 Samhain

Rinne Katie Taylor éacht eile ag tús mhí na Samhna. Tar éis di gach craobh a bhuachan sa rannóg éadrom-mheáchan, chuaigh Taylor suas go dtí an chéad rannóg eile, éadrom-mheáchan trom. Fuair sí an ceann is fearr ar Christina Linardatou agus thug Craobh WBO abhaile léi

Imreoirí haca na hÉireann ag ceiliúradh

3 Samhain

Bhí an-bhliain ag foireann haca ban na hÉireann in 2018 nuair a bhain siad áit amach i gcluiche ceannais Chorn an Domhain. Ní raibh aon chaill ar 2019 ach an oiread mar d’éirigh leo áit a bhaint amach ag Cluichí Oilimpeacha 2020 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Cheanada ar bhuillí éirice

An scór cinniúnach faighte ag Laura Fitzgerald do Mhainistir na Móna

23 Samhain

B’iontach drámatúil mar a chríochnaigh cluiche ceannais Chraobh Shinsir Pheil na mBan na gClubanna. D’aimsigh Laura Fitzgerald an scór cinniúnach agus gan ach 20 soicind fágtha chun an bua a thabhairt do Mhainistir na Móna Chorcaí agus croíthe imreoirí agus lucht leanúna Chill Choirín/Cluain Bheirn na Gaillimhe a bhriseadh

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-hailt-is-mo-leamh-ar-nos-in-2019

Na hailt is mó léamh ar NÓS in 2019

Tá deireadh na bliana tagtha arís, agus tá sé in am againn súil a chaitheamh siar ar na hailt is mó a tharraing bhur n-aird i gcaitheamh 2019. Tháinig méadú mór ar líon na léitheoirí rialta a bhí ag NÓS ó thús na bliana seo, agus beidh tuairisc iomlán faoi sin ar an suíomh Lá Caille.

Tá súil againn gur thaitin an t-ábhar a cuireadh ar fáil, idir ailt, fhíseáin, chartúin, phodchraoltaí agus eile lenár léitheoirí ar fad i mbliana agus tá muid ag súil le bliain mhór mhaith libh in 2020. 

30 — Humans of An Fáinne Seolta ar Instagram 

Chuir Conradh na Gaeilge tús le leathanach nua ar Instagram i mí Eanáir, ar a n-insítear scéalta na gcainteoirí Gaeilge a chaitheann an Fáinne. Bhí súil ag an gConradh “an íomhá atá ag daoine áirithe” de lucht caite an Fháinne a athrú. Tá os cionn 1,500 leantóir ar Instagram anois ag an togra agus agallamh curtha ar bheagnach 60 duine. 

29 — Ceist na Teorann Tayto

Bhí ceist na teorann Briotanaí in Éirinn go mór i mbéal an phobail ó thús deireadh na bliana agus an Bhreatimeacht ina crá croí do mhuintir na hÉireann trí chéile. Ach is léir go raibh ceist níos tábhachtaí fós ar bhéal, nó ar theanga, na nGael faoin teorainn. Chíoraigh Micheál Mac an Bheatha an tseancheist shíoraí — cé acu is fearr, Tayto an deiscirt nó Tayto an tuaiscirt? 

28 — Adventure Time as Gaeilge ar TG4

Bhí sceitimíní ar go leor agaibh faoin scéala go mbeadh an cartún iomráiteach Adventure Time á chraoladh i nGaeilge ar TG4 an fómhar seo caite. Rinne Macalla Teo athghuthú ar Finn, Jake agus an ‘Lumpy Space Princess’ (nó an Banphrionsa Cnapach), agus craoladh an chéad séasúr de ar an stáisiún Gaeilge i mí Mheán Fómhair. 

27 — An Cailín déghnéasach sa Chathair

Tá an Cailín sa Chathair ar dhuine de na scríbhneoir is buaine atá ag NÓS. Bhí sí linn sa chéad eagrán thiar in 2008 agus tá sí linn agus muid ar tí tús a chur leis na 2020idí. Ach bhí lá mór aici i mbliana nuair a tháinig sí amach go cróga dá léitheoirí mar dhuine den phobal LADT. Chuir sí síos san alt maith seo faoin bhféincheistiú agus an streachailt a bhí aici lena gnéasúlacht féin sular thuig sí gur déghnéasach í, agus faoi na deacrachtaí a bhí aici an t-eolas sin a roinnt le daoine eile. 

26 — Eoin Keane agus a Bhrace 

Bhris ár gcolúnaí Eoin Keane a mhuineál níos luaithe i mbliana agus b’éigean dó cúpla seachtain a chaitheamh i dteanntán muiníl. Rinne sé cur síos barrúil san alt seo faoina thaithí nua leis an mbrace agus an chaoi ar athraíodh a dhearcadh saoil de bharr na timpiste. 

25 — #Gaeiltober

Cuireadh tús le feachtas iontach nua i mbliana, #Gaeiltober, ar na meáin shóisialta. Spreag giolc ó Ailís Nic Aoidh (https://twitter.com/gaelgigolos) na céadta duine an Béarla a chaitheamh in aer ar na meáin shóisialta ar feadh míosa agus gan ach an Ghaeilge a úsáid ar Twitter, Instagram, Facebook agus eile. Feachtas breá ón bpobal aníos a bhí anseo agus d’éirigh leis 1,070 ‘Gaeilgeoir nua’ a mhealladh, dar le hanailís a rinne Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri ar úsáid na Gaeilge ar Twitter le linn mhí Dheireadh Fómhair.

24 — Na 10 Logainm is Scanrúla in Éirinn

Aimsir na Samhna thug Michelle Dunne ar thuras uafáis muid timpeall na tíre trí lionsa Logainm.ie agus cuairt á tabhairt againn ar na logainmneacha ‘is scanrúla’ in Éirinn. Ar dhreap tú Sliabh na Caillí riamh? Nó ar shiúl tú trí Ghort an Ghósta? Thar Dhroichead an Phúca? Nó céard faoin ngiota talún i gContae Dhoire a spreag an Bleá Cliathach Bram Stoker lena úrscéal cáiliúil Dracula a scríobh?

23 — Cén fáth nach bhfuil tusa ag caitheamh an Phoipín?

Bíonn achrann ann i gcónaí i Sasana, agus amanna in Éirinn, faoin gcailleach dhearg, nó an Poipín mar a thugtar ar shuaitheantas cuimhneacháin na Breataine. D’éirigh lenár gcartúnaí iontach, Ciaraíoch, a sheafóidí is a bhíonn cuid de na hargóintí sin ar son an Phoipín sa gcartún cliste seo. 

22 — Todhchaí NÓS

Tá todhchaí NÓS fós idir dhá cheann na meá agus muid ag fanacht ar scéala oifigiúil ó Fhoras na Gaeilge faoina bhfuil i ndán do na foilseacháin Ghaeilge; Tuairisc.ie, NÓS, agus Comhar. I mí Lúnasa d’iarr muid oraibhse ár léitheoirí teacht i gcabhair orainn agus achainithe a sheoladh chuig an bhForas ar ár son. Rinne sibh an-jab agus beidh muid buíoch díbh go deo as an ngairm sin a fhreagairt. 

21 — Cionnus atá tú? Comhtheanga na Mórghaeltachta 

Scríobh Ciarán Dunbar roinnt mhaith píosaí faoin ‘EadarGhaelg’ ar NÓS i gcaitheamh na mblianta, ach músclaíodh spéis athuair san ábhar níos luaithe i mbliana. Léigh go leor daoine seanailt le Ciarán faoin gceist, agus spreag an tsuim nua seo ina chuid oibre é le tuilleadh a scríobh faoin ‘gcomhchanúint’ a d’fhorbair sé do chainteoirí Gàidhlig, Gaeilge agus Gaelg. Bunaithe ar an gcoincheap taobh thiar den teanga Interlingua, scríobh sé faoi chóras a chur le chéile a chabhródh leis na Gaeil éagsúla labhairt le chéile gan mórán stró. 

20 — Gailearaí Fhéile na Gealaí 

Thosaigh Póilín Nic Géidigh ag obair linn i mbliana agus is muid atá buíoch di! Tá cáil anois uirthi mar Bhanríon na Bingeála ar Netflix, ach ba é an chéad rud a rinne sí dúinn ná gailearaithe grianghraf a chur le chéile ó imeachtaí Gaelacha ar fud na tíre. Bhí Póilín i lár an aonaigh ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn ghlas na Mí an samhradh seo agus thóg na pictiúir iontacha seo ann. 

19 — Madadh Dháire Ní Chanáin

Bhí Dáire Ní Chanáin ar coláiste in iarthar na tíre an bhliain acadúil seo caite, agus choinnigh sí dialann álainn mhacánta ghreannmhar i gcaitheamh na bliana inar chuir sí síos ar an iliomad rudaí a bhaineann le saol an mhic léinn. Bhí an-tóir i gcónaí ar thuairimí Dháire ach thaitin an ceann seo faoina mhadra beag Olly go mór libh.

18 — Graifítí na nGael 

Thug Eoin P. Ó Murchú ar camchuairt timpeall na hÉireann muid i mí Eanáir na bliana seo caite le súil a chaitheamh ar na cineálacha éagsúla graifítí a chleachtann na Gaeil. 

17 — An tAontas Ceilteach

Bhí go leor leor cainte faoin Aontas Eorpach, Aontas na Breataine, an Ríocht Aontaithe, agus na Stáit Aontaithe ann i mbliana, ach tharraing an t-alt seo ó Mhaitiú Ó Coimín go leor airde nuair a chéadfhoilsíodh é i mí na Bealtaine agus arís eile ag tús na míosa seo. Cén chuma a bheadh ar an Aontas Eorpach dá roinnfí ina gcoda ‘cothroma’ é? An éireodh go maith leis an Aontas Ceilteach? 

16 — 9 gCineál Duine a fhreastalaíonn ar chúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta

Bhain Seaghan Mac an tSionnaigh gáire asaibh an samhradh seo caite leis an alt grinn seo faoi na cineálacha daoine a bhíonn le feiceáil i gConamara, i gCorca Dhuibhne agus i nGleann Cholm Cille samhradh i ndiaidh samhraidh. An aithníonn tú duine ar bith de na foghlaimeoirí fásta seo? Nó an aithníonn tú thú féin iontu?


Foilseofar an chuid eile den liosta seo amárach.

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-10-n-eachtra-mhora-spoirt-o-2010-2019

10 n-eachtra mhóra spóirt ó 2010-2019

Níl siad in aon ord faoi leith, tharraing siad achrann i measc mo chairde agus iad á roghnú, ach seo é mo liosta den deich rud ba shuntasaí a tharla sa spórt le deich mbliana.

Katie Taylor

Murach í, seachas nach mbeadh mná fiú ag dornálaíocht sna Cluichí Oilimpeacha. Ghnóthaigh sé an bonn óir, thit a saol sa mbaile óna chéile ina dhiaidh sin, chlis uirthi, ach choinnigh sí uirthi, í anois ar an dornálaí is fearr agus is mó le rá ar domhain. Laoch.

Leicester

Ní raibh mórán súil ag tús an tséasúir peile i 2015-2016 gurbh iad Leicester beag a dhéanfadh an beart. In easpa airgid na mboc mór, tá siad i measc an sé chlub a ghnóthaigh Príomhroinn Shasana ó tosaíodh an comórtas i 1992.

Colin Kaepernick

Is mó atá múinte ag Colin Kaepernick faoi chúrsaí comhionannais agus ciníochais sna Stáit Aontaithe ó chuaigh sé ar ghlúin in 2016 ná na mílte leabhar agus léachtaí. Faraor, tá an iomarca fós nach bhfuil ag éisteacht leis. Beidh a áit aige i leabhar staire an domhain amach anseo.

Éacht Bhaile Átha Cliath

Rinne mná Chorcaí é, ach é Jim Gavin an chéad bhainisteoir a ghnóthaigh craobh na hÉireann cúig bliana as a chéile. B’fhéidir gur bhfearr leis an gcuid is mó againn go mbeadh deis ag foireann eicínt eile ar an gcorn, ach ní féidir an méid atá déanta acu a shárú.

Bréaga Lance Armstrong

Ní dhéanfar dearmad ach an oiread ar Lance Armstrong agus leis an gcaoi gur chaith sé le daoine agus é ag déanamh caimiléireachta. Rugadh air sa deireadh agus d’inis sé a scéal suarach in agallamh le Oprah Winfrey ag tús 2013. Breathnaigh air, agus bíodh buicéad agat don mhúisc.

Sciorradh Steven Gerrard

In 2014, bhí lámh amháin ag Liverpool ar chorn na Príomhroinne, ach faraor, thit an corn uathu nuair a sciorr Steven Gerrard in aghaidh Chelsea. Shamhlóinn nach bhfuil lá ar bith nach gcuimhníonn an fear bocht ar an tráthnóna sin, agus faraor, níl an chraobh gaibhte go Liverpool ó shin. 

Iománaithe Chontae Laoise

Rinne fir Eddie Brennan a n-éacht féin an samhradh seo nuair a chaith siad Baile Átha Cliath (a bhí tar éis fáil réidh le fathaigh na Gaillimhe) amach as an gcraobhchomórtas iomána. Ní fhaca mé a leithéid de cheiliúradh le fada an lá, agus a bhí i bPort Laoise an tráthnóna sin. 

Rugbaí na hÉireann

Tar éis an Nua-Shéalainn a bhualadh faoi dhó, agus Éirinn rangaithe ar an bhfoireann rugbaí ab fhearr ar domhain ar feadh scaithimh, bhí barúil ag go leor acu do Chorn an Domhain. A Mhuire na gcoinneal, ach rinne siad praiseach de. Ní dhéanfar dearmad ar an náire sin go ceann scaithimh.

An FAI

Ní fios fós céard atá i ndán do John Delaney, ná don FAI, ach i 2019 rugadh sa deireadh ar an gcur amú airgid agus acmhainní a bhí ar bun san eagraíocht. Ní gá mórán eile a rá, ach buicéad mhúisc Lance Armstrong a chrochadh leat.

Cúilín Joe Canning

Ghnóthaigh Gaillimh an chraobh iomána in 2017, ach ba é cúilín gleoite Joe Canning in aghaidh Thiobraid Árann, a chuir isteach sa gcluiche ceannais iad. Ní raibh ach cúpla soicind fanta sa gcluiche, chlis ar iarracht a rinne sé cúpla soicind roimhe sin, ach choinnigh sé an cloigeann agus faoi Scáth Ardáin Uí Chíosóig agus chuile imreoir beo a d’imir do Thiobraid Árann riamh thar timpeall air, sheol sé an sliotar tar an trasnán agus Gaillimh isteach sa gcluiche ceannais. Draíocht. 

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-sraitheanna-teilifise-na-deichaoise

Sraitheanna Teilifíse na Deichaoise

Hello a chairde agus fáilte chuig oll-liosta na sraitheanna is fearr le deich mbliana anuas!

Tá cúig sraith mór luaite in achan bhliain, agus cúpla moladh onórach do shraitheanna a raibh ráchairt orthu an bhliain sin fosta. Mar sin, seo linn!

2010

Sherlock

Seo an clár a sheol Benedict Cumberbatch go barr achan liosta d’fhir ghnéasúla sna hirisí do mhná agus a rinne réalta domhanda de. Athinsint nua-aimseartha ar scéal Sherlock Holmes, a chum Arthur Conan Doyle in 1887. Craoladh trí eipeasóid in achan séasúr, agus tá sé ina phléisiúr le hamharc agus athamharc a dhéanamh air agus Sherlock ag fiosrú dúmharuithe agus mistéirí a thagann chun cinn in ardchathair na Breataine.

Ar fáil ar: Netflix

Downton Abbey

Léargas ar shaol an teaghlaigh uasail Crawley agus a gcuid seirbhíseach go luath san fhichiú haois. Tchímid iad ag streachailt agus a saol a cuir i gcruth a bpian pearsanta, agus a n-íobairt. Léirítear go soiléir go bhfuil muid uilig mar chuid den chine céanna daonna, bíodh muid thuas staighre nó thíos staighre.

Ar fáil ar: Amazon Prime

The Walking Dead

Cuirtear tús le ré nua na scannáin zombaí agus na cluichí apacailipteacha uilig leis an tsraith seo. Bíonn Rick Grimes i gceannas ar ghrúpa daoine a tháinig slán ó ghalar na zombaithe, agus cuidíonn sé leo áit chónaithe agus bia a fháil. Baineann an seó seo leis na rioscaí agus na rudaí a chaithfidh tú a dhéanamh le maireachtáil.

Ar fáil ar: Amazon Prime

Borgen

Leanann an tsraith drámaíochta Danmhairgeach seo saol casta na bpolaiteoirí agus na dtuairisceoirí sna meáin a chlúdaíonn a gcuid buanna agus teipeanna in ‘Borgen’ (an Caisleán) — an leasainm atá ar theach parlaiminte na Danmhairge. Sa chéad chlár, tá an Danmhairg ag ullmhú do thoghchán parlaiminte agus déanann Birgitte Nyborg, atá ag dul isteach ina céad thoghchán mar cheannaire an pháirtí, cinneadh ag an nóiméad deireanach dul ina treo féin.

Ar fáil ar: Amazon Prime

Love/Hate

Is dráma gríosach gránna é Love/Hate bunaithe ar dhomhan coiriúlachta Bhaile Átha Cliath. Léirítear inti andúil drugaí, sciorróir agus foréigean na coireachta eagraithe atá ag fás in Éirinn. Filleann Darren Treacy (Robert Sheehan) ar Bhaile Átha Cliath ón Spáinn, i ndiaidh am a chaitheamh ann ag iarraidh na Gardaí in Éirinn a sheachaint. Spreagann eachtraí tubaisteacha teannas i measc na ndrong drugaí, agus caithfidh teaghlaigh, cairde agus an phobal maireachtáil leis na hiarmhairtí.

Ar fáil ar: RTÉ Player

Moladh Onórach 2010

Luther

Adventure Time

2011

Game of Thrones

Téann naoi dteaghlach uaisle chun cogaidh le smacht a fháil ar ríochta miotasacha Westeros, agus filleann namhaid a bhí imithe ar feadh na mílte bliain. Ghlac an tsraith seo seilbh ar chroí na mílte daoine ar feadh na mblianta, agus cuireadh críoch leis i mbliana le lucht féachana de 19.3 milliún duine ar fud na cruinne. 

Ar fáil ar: HBO Go

Black Mirror

Nochtann Black Mirror an dóigh gur féidir teicneolaíocht nua-aimseartha a bheith úsáidte in éadan lucht a déanta. Tá achan eipeasóid leagtha amach i réaltacht dhifriúil le carachtair éagsúla ag dul i ngleic le cineálacha éagsúla teicneolaíochta.

Ar fáil ar: Netflix

Suits

Agus é ag éalú ón mangaireacht drugaí, a d’imigh in olcas, buaileann Mike Ross, stócach éirimiúil cliste a d’fhág an choláiste, le Harvey Specter, duine de na dlíodóirí is fearr i gCathair Nua-Eabhrac. Tugann Harvey post dó, ach ní féidir leis éalú ón easpa cáilíochtaí atá aige… nó an féidir? Thug an chlár seo ardán domhanda don aisteoir Meghan Markle sular phós sí an prionsa Sasanach, Harry, in 2018. 

Ar fáil ar: Netflix & Amazon Prime

Homeland

Sraith a bhuaigh sé Ghradam Emmy, an tSraith Drámaíochta Is Fearr san áireamh, coinneoidh Homeland ar imeall do shuíocháin thú. Tá an Sáirsint Mara Nicholas Brody ina laoch a bhfuil boinn go leor aige, agus ina bhagairt thromchúiseach. Is í Carrie Mathison an t-oifigeach CIA is fearr ina réimse, cé go bhfuil sí dépholach. Tá an caidreamh atá ag an dá charachtar casta seo, bunaithe ar an amhras agus an dallamullóg, i gcroílár an scéinséara corraithigh mhothúchánaigh seo.

New Girl

Tagann Jess, múinteoir bríomhar, ar a fear le bean eile. Fágtha gan dídean, bogann sí isteach i dteach le triúr fear singil nár bhuail sí leo riamh roimhe: Nick, Schmidt agus an t-iar-lúthchleasaí Winston. An dtig leis an ghrúpa mífheidhmiúil seo an ghirseach úr a láimhseáil?

Moladh Onórach

American Horror Story

Bob’s Burgers

Revenge

Suburgatory

2012

Line of Duty

Déileálann an scéal i ngach séasúr de Line of Duty le coimhlint taobh istigh de roinn phóilíneachta, idir na fórsaí rialta agus an t-aonad gnóthaí inmheánacha nó “frith-éilithe”. Go bunúsach, baineann sé leis na débhríochtaí morálta a thagann chun cinn nuair a dhéanann póilíní imscrúdú ar a gcuid féin. Aisteoireacht agus an scríbhneoireacht den scoth.

Ar fáil ar: Netflix 

Call the Midwife

Bunaithe ar chuimhní cinn Jennifer Worth, leanann an scéal Jenny, atá dhá bhliain is fiche d’aois, a fhágann a teach compordach i 1957 le bheith ina bean chabhrach in London. Is ábhar iontais di go mbeidh sí ina cónaí i gclochar: Teach Nonnatus. Agus í ag obair le haltraí agus na mná rialta oilte, osclaítear a súile do shaol crua na slumaí, ach aimsíonn sí freisin croíthe móra na máithreacha. Fiú amháin nuair a fhágann Jenny Nonnatus, leanann sí ar aghaidh ag déanamh cur síos ar shaol na gcairde a bhí ina teaghlach aici. 

Moone Boy

Is stócach óg é Martin Moone a bhíonn ag brath ar chuidiú a charad shamhalta, Seán, le déileáil leis an saol atá ag muintir na hÉireann i dteaghlach beag i mbaile beag sna 1990í. Lonnaithe i Mainistir na Búille, áit arbh as de Chris O’Dowd, an scríbhneoir agus léiritheoir, tá greann na hÉireann fite fuaite sna carachtair uilig.  

Ar fáil ar: NowTV

Girls

An náiriú, na tubaistí agus na buaicphointí as cuimse atá ag ceithre chailín ina gcuid fichidí i Nua-Eabhrac: Hannah, scríbhneoir ionchasach; Marnie, cúntóir i ndánlann ealaíne agus na col ceathracha Jessa agus Shoshanna. Fág na tuairimí faoi Lena Dunham ar leataobh, nuair a tháinig an clár seo amach, bhí macántacht agus nuálaíocht neamhghnách ag baint le Girls nach raibh feicthe ar an teilifís roimhe.

Ar fáil ar: NowTV

Veep

Leanann Veep an Leas-Uachtarán úr ar na Stáit Aontaithe agus í ag múchadh tinte pholaitiúla, ag cothromú a sceidil phoiblí agus a saoil phríobháidigh, agus a dhéanann achan rud ina cumhachtaí teoranta lena caidreamh mífheidhmiúil leis an bpríomhfheidhmeannach a fheabhsú. Cuireann an clár seo in iúl go maith an dóigh a dtarraingítear an pholaitíocht do dhaoine áirithe, agus léiríonn sé go fírinneach na tréithe a d’fhéadfadh a bheith ag dhá pháirtí éagsúla, chomh maith le gnéithe den pholaitíocht dhomhanda.

Moladh Onórach

Elementary

Don’t Trust the B in Apt 23

Ripper Street

2013

Peaky Blinders

Filleann Thomas Shelby agus a chuid deartháireacha ar Birmingham i ndiaidh daofa a bheith in Arm na Breataine le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Tá cathair Birmingam faoi smacht Shelby agus na Peaky Blinders, an drong a bhfuil sé ina cheannaire air. De réir mar a shíneann uaillmhianta Shelby thar Birmingham, tá sé i gceist aige tógáil ar an Impireacht Ghnó atá chruthaithe aige, agus cuirfidh sé stop le duine ar bith ina bhealach. 

Ar fáil ar: Netflix

Brooklyn 99

Tagann Jake Peralta, bleachtaire atá neamhaibí ach cumasach sa 99ú Ceantar in Brooklyn, i gcoimhlint láithreach lena oifigeach ceannais nua, an Captaen tromchúiseach Raymond Holt. Duine ar bith a bhfuil aithne acu orm, tá a fhios acu go bhfuil mé gafa leis an tsraith seo, agus is seo an clár is mó a chuaigh i bhfeidhm orm le linn na deichaoise seo. 

Ar fáil ar: Netflix

Orange is the New Black

Tá an tsraith Netflix seo bunaithe ar leabhar den teideal céanna. Déanann Piper Chapman a bealach tríd an chóras dlí agus déanann sí iarracht dul i ngleic le saol an phríosúin, agus cairde á dhéanamh aici leis an iliomad daoine neamhghnácha a bhuaileann sí leo gan choinne. 

Ar fáil ar: Netflix

The Fall

Scéinséir síceolaíoch a scrúdaíonn saol beirte i mBéal Feirste. Is dúnmharfóir sraithe é duine amháin a stácálann a chuid íospartach thart faoin chathair agus is Bleachtaire-Cheannfort cumasach í an duine eile ón MET a thugtar isteach lena ghabháil. Seo ceann de na chéad rólanna móra a bhí ag Jamie Dornan sula bhfuair sé ról Christain Grey in Fifty Shades of Grey.

Ar fáil ar: Amazon Prime

Rick and Morty

Sraith chartúin do dhaoine fásta faoi eachtraí Rick, eolaí alcólach agus míchúramach, lena gharmhac Morty, stócach imníoch 14 bliana d’aois, nach bhfuil chomh cliste céanna. Le chéile, déanann siad iniúchadh ar na cruinneoga gan teorainn ag cruthú trioblóide agus ag déanamh díobhála. 

Moladh Onórach

Orphan Black

House of Cards

Mr. Selfridge

Hannibal

2014

How to Get Away with Murder

Tagann grúpa mac léinn dlí uaillmhianach le chéile faoi stiúr a ollamh le bheith mar pháirt dá foireann dlí, ach ar an drochuair, téann siad in abar i bplota dúnmharaithe a athróidh a saol. Léiríonn Viola Davis ról Annalise Keating le haisteoireacht den scoth i sraith atá scríofa go han-mhaith. 

Ar fáil ar: Netflix 

BoJack Horseman

I ndiaidh dó a bheith ina réalta mór le rá ar an chlár Horsin ‘Around ag deireadh na 80idí agus na 90idí luatha, bíonn Bojack Horseman ag streachailt agus a cháil ag dul i laghad, leis an dúlagar agus an andúile, agus ag iarraidh na caidrimh leis na daoine a bhfuil grá aige daofa a chothú.

Ar fáil ar: Netflix

Silicon Valley

Leanann Silicon Valley streachailt Richard Hendricks, innealtóir Silicon Valley atá ag iarraidh a chomhlacht féin a thógáil darb ainm Pied Piper lena chairde. Sraith ghrinn é seo atá spreagtha i bpáirt ag eispéiris Mike Judge mar innealtóir Silicon Valley go déanach sna 1980í.

Ar fáil ar: NowTV

Jane the Virgin

Is cailín óg cráifeach, Latina, í Jane, atá ina freastalaí in óstán in Miami. Glacann a saol cas gan choinne nuair a dhéanann a dochtúir í a inseamhnú de thaisme le linn a seiceála. Cruthaíonn an eachtra seo triantán grá idir í féin, a buachaill, agus athair a linbh. Bunaithe ar an telenovela Juana la Virgen, titfidh tú i ngrá leis na carachtair agus an stíl scannalach a bhaineann leis an seánra telenovela i Meiriceá Laidineach. 

Ar fáil ar: Netflix

Power

Is dráma é Power a thugann léargas ar stíleanna maireachtála in Manhattan, idir an domhan saibhir agus domhan na trádála drugaí idirnáisiúnta. Léirítear scéal James ‘Ghost’ St. Patrick, úinéir club oíche i Nua-Eabhrac, a fhreastalaíonn ar an mhionlach saibhir sa chathair agus a bhfuil saol dúbailte aige mar phríomh-mhangaire drugaí.

Ar fáil ar: Netflix

Lua Onórach 2014

True Detective

Outlander

Fargo

Happy Valley

Gotham


Foilseofar cuid a dó den alt seo amárach.

Níos mó

Na 5 fhíseán pobail is mó ó 2018

Cuid phléisiúrtha d’obair Meon Eile is ea an tuairisciú a dhéanaimid ar na scéalta pobail agus ar na gaiscí atá á ndéanamh ag Gaeilgeoirí ó cheann ceann na tíre ar mhaithe lena gceantracha féin.

Seo cúig cinn de na físeáin phobail is mó ar chuir leantóirí an tsuímh spéis iontu i mbliana…

Ócáid speisialta i gcuimhne Ghráinne Mhic Géidigh



Airgead á bhailiú ag bean Ghaeltachta ar mhaithe le seirbhísí ailse

 ‘Ability Counts’ tagtha chomh fada le Dún na nGall.



Féile SULT ag dul ó neart go neart



Féile Inis Bó Finne 2019



Níos mó

5 fhíseán ealaíne is mó ó 2019

Ceara Ní Choinn, Seán Ó Baoill, Sorcha Ní Chearúlláin , Caoimhe Ní Chathail
29 December 2019

Bliain mhór ab ea í 2019 ó thaobh na healaíne, ceoil agus cultúir de. Seo súil siar ar chúig cinn de na físeáin cheoil agus chultúir is mó a raibh tóir orthu ar Meon Eile i mbliana… Bain sult astú!

An bhliain is mó ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair go dtí seo.

Bhí Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh cúig bliana ar an fhód i mbliana.

Cuireadh tús léi mar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy sa bhliain 1994, in ómós don sárcheoltóir as Béal Feirste.

I ndiaidh 20 bliain den fhéile ghlac Comharchumann Ghaoth Dobhair ceannas uirthi agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin.

A gcéad albam seolta ag ‘The Conifers’

Sheol Rí na nAerthonnta, Rónán Mac Aodha Bhuí, dlúthdhiosca úr de chuid na Conifers i dTeach Leo le linn Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair le déanaí.

Is grúpa ceoil bríomhar beomhar úrnua iad na Conifers a bhfuil a gcuid ceoil agus amhráin fréamhaithe go mór sa traidisiún a bhaineann le hiarthuaisceart Dhún na nGal, ceantar Shliabh Luachra agus Contae an Chláir.

Féile úr ‘Ceol na Croise’ i gCrois Mhic Lionnáin

Rinneadh ceiliúradh le linn an deireadh seachtaine ar an stair shaibhir Ghaeilge agus amhránaíochta atá beo beathach go fóill i mórcheantar Ard Mhacha Theas, áit ar mhair seanchainteoirí dúchais Gaeilge chomh fada leis an chéad leath den 20ú haois. 

Ba í seo an chéad bhliain den fhéile úr ‘Ceol na Croise’ agus cuireadh tús suimiúil léi le léacht ón Dr Gearóid Trimble, arb as Crois Mhic Lionnáin dó féin agus atá ina shaineolaí ar stair an cheantair.



Seancheirdeanna na hÉireann: Cléibh le hOwenie Diver..

Is iomaí seancheird a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin anseo in Éirinn. Ach níl mórán daoine ann na laethanta seo ar féidir leo a rá gur saineolaithe iad ar na seanbhealaí cruthaitheacha a bhí ag muintir na tíre seo rudaí a chruthú. Sa tsraith seo ar Meon Eile ‘Seancheirdeanna na hÉireann’ buailfidh muid le daoine timpeall na tíre atá ag coinneáil seancheirdeanna beo.

In eagrán na seachtaine seo, bhuail Meon Eile le hOwenie Diver i gCill Ulta, Co. Dhún na nGall. Déanann Owenie cléibh de láimh. Múineann sé ceardlanna i rith na bliana chun an cheird a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.

Bhí an chéad imeacht oifigiúil ar siúl sa chultúrlann úrnua atá ag Glór Léim an Mhadaidh an tseachtain seo caite.

Cé nach raibh an foirgneamh iomlán réidh, bhí an halla mór foirfe don fhéile cheoil agus amhránaíochta bhliantúil a eagraítear i gcuimhne ar an cheoltóir áitiúil Eddie Butcher.

Bhí scoth na n-amhránaithe ó gach cearn de Chúige Uladh i láthair agus canadh amhráin i nGaeilge, Gàidhlig agus Béarla ó léithéidí Dàibhidh Stiùbhard agus Dearbhla Scallon ó Thír Eoghain agus Piaras Ó Lorcáin as Crois Mhic Lionnáin. 



Níos mó

Beannachtaí na Nollag 2019

Tá an t-am sin den bhliain linn arís agus tá foireann Meon Eile ag iarraidh Nollaig Shona a ghuí oraibh go léir. 

Bhuail muid le ceathrar atá gníomhach sa phobal gaelach i mBéal Feirste, Micheál Ó Coigligh, Cuisle Nic Liam, Pádraig Ó Maolchraoibhe agus Conall Mac Corraidh le tuairimí s’acu a fháil ar ghnéithe éagsúla den Nollaig.

Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise daoibh go léir!  ☃️

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ticeid-d’fheile-na-gealai-2020-ar-diol!

Ticéid d’Fhéile na Gealaí 2020 ar díol!

Má tá tú ag rith timpeall an bhaile mhóir i ndiaidh do chinn agus bronntanas amháin eile fós le fáil agat — ná bí buartha! Suigh síos. Oscail suíomh oifigiúil Fhéile na Gealaí, agus ceannaigh péire ticéad don fhéile is fearr in Éirinn.

Sea, a chairde, tá na ticéid d’Fhéile na Gealaí 2020, a bheidh ar siúl i Ráth Chairn na Mí an samhradh seo chugainn, ar fáil díreach in am don Nollaig. €75 a chosnóidh ticéad chuig an bhféile champála i nGaeltacht na Mí ort, agus is fearr ticéad a cheannach luath seachas mall, mar ardófar an praghas i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig 2020. 

Beidh an fhéile féin ar siúl ar an 12-14 Meitheamh agus táthar ag súil le ceiliúradh mór i mbliana mar beidh Féile na Gealaí cúig bliana ar an bhfód. Cuireadh tús leis an bhféile in 2016 i ndiaidh don mhórfhéile Ravelóid a bhí beartaithe do Chaisleán Ard Ghiolláin i mBaile Átha Cliath titim as a chéile. 

Tháinig slua réasúnta beag go Ráth Chairn i mí an Mheithimh 2016 agus tá fás leanúnach ar an bhféile ó shin. Anuraidh, tháinig ceoltóirí agus lucht freastail ó Albain agus tíortha eile i gcéin le páirt a ghlacadh sa scléip i gContae na Mí.

Beidh tuilleadh eolais ar fáil faoi na ceoltóirí agus gach rud eile go luath san Athbhliain agus, ar ndóigh, beidh NÓS ann leis an scéal a scaipeadh! 

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ma-tathar-ag-iarraidh-chuile-dhuine-a-shasamh,-ni-shasofar-duine-ar-bith

Má táthar ag iarraidh chuile dhuine a shásamh, ní shásófar duine ar bith

I dtosach, airím go gcaithfidh mé a rá, gur thaitin an scannán The Star Wars: The Last Jedi liom. Níor shíl mé go raibh sé seo conspóideach cheana. Ach anois, tar éis dom cúpla bliain  a chaitheamh dom á rá seo le daoine, tuigim go bhfuil cúpla léitheoir tar éis an léirmheas seo a dhúnadh, an fón a chaitheamh amach an fhuinneog, ansin dul amach taobh amuigh leis an bhfón a fháil le haiste a scríobh faoi cé chomh mícheart is atá mé agus ansin aiste eile ar an gcaoi nár cheart dom gasúr a bheith agam riamh, mar go mbeadh sé cruálach créatúr a thabhairt ar an saol a bhfuil athair aige a cheapann gur scannán maith é The Last Jedi. Ansin an fón a chaitheamh amach an fhuinneog arís. 

Níl mé ach ag magadh, tá sé sin áiféiseach, ach freisin mura thaitin The Last Jedi leat, tá seans maith nach n-aontóidh tú le mo chuid tuairimí ar an scannán deiridh sa sraith — Star Wars: The Rise Of Skywalker.

Bhí jab fíordheacair ag an stiúrthóir JJ Abrams scannán a chruthú le deireadh a chur leis an tsraith, a tháinig chun críche, i mo thuairimse, leis an scannán a tháinig roimhe. Agus an éiríonn leis é seo a bhaint amach?

Ní éiríonn. Ní déarfaidh mórán faoin scéal, ach tá an scannán seo ina phraiseach. Níl sé go dona, ach níl sé go maith ach an oiread. Bhí go leor ráite agus scríofa faoi The Last Jedi ag na daoine is glórmhara agus is crosta ar an idirlíon, agus rinne Disney agus JJ Abrams iarracht na daoine sin a chiúnú agus chuile dhuine eile a shásamh, ag an am céanna — rud atá dodhéanta.

Ó thús an scannáin d’airigh mé nach raibh aon cheann eile de na scannáin sa tsraith feicthe agam, nó gur bhain siad le sraith éigin eile. Ba léir nach raibh a fhios ag Disney ná Abrams cá raibh siad ag dul ó thús an eachtra seo agus nuair a rinne Rian Johnson a rud féin lena scannán féin, ní raibh siad cruthaitheach ná cróga go leor aon rud nua a dhéanamh. 

Anois, tá go leor a thaitin liom faoi an scannán freisin, tá Adam Driver agus Daisy Ridley thar cionn, tá an ceol iontach, John Williams ag déanamh jab maith dá scannán deireadh Star Wars agus tá aicsean an-mhaith ann. 

Bhí cúpla radharc a thaitin go mór liom, go háirithe nuair a tháinig cumhachtaí nua chun cinn idir Kylo Ren (Driver) agus Rey (Ridley). Ach ní shníonn aon cheann de na radhairc  le chéile ar aon bhealach cruthaitheach nó intuigthe. 

Níl sé uafásach ach níl sé iontach ach an oiread, agus mar aon le chuile shaothar ealaíne, má táthar ag iarraidh chuile dhuine a shásamh, ní shásófar duine ar bith. 

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-10-nimeacht-mhora-polaitiochta-a-bhain-an-anail-dinn-o-2010-2019

10 nImeacht mhóra Polaitíochta a bhain an anáil dínn ó 2010-2019

Caitheann Eoin Ó Catháin súil siar ar an deichaois atá imithe tharainn agus pléann cuid d’imeachtaí móra polaitíochta ár linne…


Cé gur minic a scríobhaim le greann do NÓS – tá mé dáiríre faoi chúpla rud sa saol: an Ghaeilge, conas mar atá Oscar tuillte ag Saoirse Ronan, agus an pholaitíocht. Ag féachaint siar ar na deich mbliana atá imithe tharainn, is dóigh liom gur iomaí eachtra polaitíochta a gcuimhneoidh muid orthu agus muid níos sine – is cinnte gur athraigh an domhan agus ár sochaí go mór ó 2010. Déanfaidh mé iarracht achoimhre a dhéanamh ar na scéalta a bhain an anáil dínn le blianta beaga anuas. 

5. Pobalachas ar fud an domhain

Gluaiseacht as an ngnáth a chonaic muid ar fud an domhain le linn na ndeich mbliana seo caite — pobalachas a théann i bhfeidhm go mór ar an lucht vótála. Is minic a dhírítear ar eachtrannaigh, ar ghrúpa mionlach nó ar ghrúpa eile faoi mhíbhuntáiste sa ghluaiseacht seo, ach insíonn fás Marine Le Pen, Matteo Salvini nó fiú Donald Trump dúinn go bhfuil daoine ann a chreideann ann. Údar buartha don todhchaí…  

4. Ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip

3. Éire nua-aimseartha? An tOchtú Leasú aisghairthe agus Comhionannas Pósta ceadaithe

Chaith Éire cúng an Caitliceachais uaithi i ndá reifreann a chuaigh i bhfeidhm ar an domhan mór le deich mbliana anuas. Reáchtáladh an chéad reifreann, ar an gComhionannas Pósta, sa bhliain 2015 agus thuig muintir na hÉireann go raibh an tír athraithe nuair a chraol Vincent Browne ó theach tábhairne an George an mhaidin dar gcionn fad is a chuir Katharine Zappone, a chríochnóidh an deich mbliana ina hAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an cheist chinniúnach chun pósta ar a céile, an iar-bhean rialta Ann Louise Gilligan ar chraoladh beo RTÉ. D’fhógair Leo Varadkar, Aire Sláinte na linne, go raibh sé féin aerach le linn an fheachtais. 

Trí bhliana níos déanaí, in 2018, chuir pobal na hÉireann iontas ar an domhan mór arís nuair a rinne siad an tOchtú Leasú (a chuir bac iomlán ar ghinmhilleadh sa tír) a aisghairm. 

Feachtas brúidiúil a bhí i gceist leis an bpéire, agus b’iad na scéalta pearsanta — go minic truamhéalacha — a chuir an bhó thar abhainn sa dhá chás. Éire athraithe go hiomlán ina ndiaidh. 

2. An Breatimeacht

Botún tar éis botúin a thug an Bhreatain chuig an lá cinniúnach sin i mí an Mheithimh 2016. Níor cheap éinne — fiú Nigel Farage a threoraigh an feachtas chun imeachta ar oíche an vóta — go mbeartódh an muintir na Breataine ar son an tAontas Eorpach a fhágáil, ach sin a rinne siad. Chaith an vóta sin lasair sa bharrach, d’éirigh David Cameron agus Theresa May as an bPríomh-Aireacht, cuireadh polaitíocht na Breataine bun os cionn, agus tá Aontacht na Ríochta Aontaithe idir dhá cheann na meá faoi láthair. Mór an dúshlán roimh Boris Johnson mar sin, agus pobal na Breataine, is léir, bréan den útamáil a bhaineann leis seo ar fad.

1. Toghadh Donald Trump ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe

Chuir iarrthóireacht Donald Trump, a chuir The Apprentice i láthair ar theilifís Mheiriceá, na hiriseoirí ag gáire nuair a d’fhógair The Donald é sa bhliain 2015. Oíche an toghcháin 2016, ní raibh éinne ag gáire nuair a bhuaigh Donald an Uachtaránacht (cé go bhfuair a chéile comhraic Hillary Clinton trí mhilliún vóta sa bhreis). Maidhm pholaitíochta a bhí ann, chuir feachtas Trump déistin ar go leor lena chiníochas, lena mhaslaí i gcoinne na mban, agus lena fhoréigean — ach ba chuma leis na Meiriceánaigh. 

Ó shin ar aghaidh, scríobhadh na milliúin focal faoi chumhacht Donald, agus iarracht ar bun ag Tithe an Reachtais é a tháinseamh faoi láthair fad is a fhanann ráflaí faoi bhaint na Rúise lena fheachtas. Is cinnte go mbeidh muid fós ag caint ar Trump agus ar an rian atá fágtha aige ar pholaitíocht an domhain faoi cheann deich mbliana eile. 


Tá an chéad chuid den alt seo ar fáil anseo.

Níos mó

<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-scoth-na-nollag-ar-an-teilifis

Scoth na Nollag ar an teilifís

Amharcann muid ar an iomarca teilifíse le linn na Nollag, is furasta suí siar le bosca seacláide agus cupa tae agus scannáin ár n-óige, leis na clasaicí uilig a choimhéad. 

Tá mise anseo le cinntiú nach gcailleann sibh amach ar scoth na teilifíse an Nollaig seo, so caith siar na Celebrations agus coinnígí cuimhne ar na moltaí seo nuair atá sibh ag troid faoi caidé atá ar an scáileán sa choirneál. 

Oíche Nollag 

Home Alone – RTÉ One 15:50

“Santy don’t visit the funeral homes, little buddy”

Níl an Nollaig tosaithe mar is ceart go dtí go bhfuil Home Alone feicthe agat. Tá sin scríofa sa Bhíobla, i ndiaidh an ghiota sin faoi Íosa sa mhainséar. 

Dirty Dancing – TG4 23:00

“I carried a watermelon.”

Beidh Santa é féin ag coimhéad TG4 sa charr sleamhnáin oíche Nollag le Patrick Swayze agus Jennifer Grey a fheiceáil ag titim i ngrá agus iad ag damhsa. Mar a tharlaíonn ag Steip, dar ndóigh. 

Lá Nollag

Shrek (as Gaeilge!)TG4 17:20

Tá go leor cainte déanta ar Twitter agus na meáin faoin leagan Gaeilge seo de Shrek atá le craoladh Lá Nollag, agus is dócha gurbh iad na Gaeil ina bhfichidí atá ar bís den chuid is mó! Tá mo chairde féin ag súil go mór leis, mar go ndeachaigh muid amach go dtí an phictiúrlann leis an scannán íocónach seo a fheiceáil. An dá ghrá is mó atá agam, Shrek agus an Ghaeilge, le chéile faoi dheireadh. 

Gavin and Stacey Christmas SpecialBBC One 20:00

“Are you asking me to STEP IN?”

Ar ais linn go Barry agus Billericay uair amháin eile! Tá sé pléite go mór nach iad na príomhcharachtair fiú na carachtair is fearr, ach sin an fáth a bhfuil an oiread craice ag baint leis an chlár seo. Bíonn daoine ag gearán faoi reboots ach smaoinigh air mar bharróg dheas ó sheanchara. 

Lá Fhéile Stiofáin 

The Snapper – Virgin Media One 21:00

“Seven pounds twelve ounces, seven pounds twelve ounces, NA NA NA NA”

Sár-scannán amach is amach. Tá Colm Meaney ar a buaic, agus tá compord agus greann ag baint leis an scannán seo atá de dhíobháil ag an Nollaig, nuair atá tú ag déanamh iarrachta an food coma a sheachaint. 

Skyfall – RTÉ Two 21:00

“What did you expect, an exploding pen? We don’t really do that anymore.”

An scannán James Bond is fearr, dar le mo theaghlach-sa cibé. Mhúscail an scannán seo grá ionam don chineamatagrafaíocht (gafa le Roger Deakins) agus shocraigh mé an lá a chonaic mé sa phictiúrlann gur Daniel Craig an Bond is fearr liom. Fosta, dúirt mé an lá sin go raibh Judi Dench ag amharc cosúil le cat agus ansin fuair sí ról in Cats. Caithfidh go raibh Andrew Lloyd Webber ina shuí ar mo chúl in Century Cinemas in Leitir Ceanainn. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta